skip to main content

Suas le 60% de bharra prátaí na bliana seo fós gan baint - an IFA

Ba cheart go mbeadh barra na bprátaí bainte le mí anuas ach ní raibh feirmeoirí in ann dul sna goirt leis an innealra bainte
Ba cheart go mbeadh barra na bprátaí bainte le mí anuas ach ní raibh feirmeoirí in ann dul sna goirt leis an innealra bainte

Deir Cumann na bhFeirmeoirí go bhfuil suas le 60% de bharra phrátaí na bliana seo fós gan baint de bharr na droch aimsire le cúpla mí anuas.

Deir siad gur bí seo an bhliain is measa i gcuimhne na ndaoine maidir le tionchar na h-aimsire ar na prátaí.

Ba cheart go mbeadh barra na bprátaí bainte le mí anuas, ach de bharr na báistí agus an talamh a bheith ró-fhliuch, ní raibh feirmeoirí in ann dul sna goirt leis an innealra bainte.

Thit an méid is mó báistí riamh i gcontaetha an deiscirt an mhí seo caite, agus bhí tionchar aige sin ar fhómhar na bprataí a bhaint.

Tá costas na hoibre ag ardú de bhrí go gcaithfear na prátaí a thriomú i mbotháin

I dTiobrad Árann an tseachtain seo rinne Stuart Black iarracht cuid dá phrátaí a bhaint ainneoin na goirt a bheith ina bpluda.

Dúirt sé nach raibh an dara rogha aige ach iarracht a dhéanamh iad a bhaint mar má bhuaileann sioc na prataí sa talamh go lobhfaidh siad.

Tá suas le 30 acra eile fós le baint ag Stuart, obair a deir sé a thógfaidh seachtainní uaidh a chríochnú de bharr go gcaithfidh an dtrealamh taisteal ana mhall sa chré fhliuch.

Dúirt sé go bhfuil costas mór breise ag baint leis an obair anois de bharr go mbaineann é i bhfad níos faide as é an bhaint a chríochnú agus go .

Eagla ar fheirmeoirí go lobhfaidh aon phrataí atá fágtha in uisce nó i gcré atá báite

Dúirt Shay Phelan, saineolaí ar phrátaí leis an eagraíocht Teagasc go bhfuil seans ann anois go lobhfaidh aon phrataí atá fágtha in uisce nó i gcré atá báite.

Dúirt sé chomh maith go bhfágfaidh an sioc droch bhail ar aon phrataí atá gan baint ag an dtráth seo.

Tá an baol ann anois go mbeidh ganntan prátaí Éireannacha sa mhargadh tar éis na Nollag muna dtiocfaidh tréimhse de aimsir thirim ionas go bhféadfar na prátaí a bhaint.

Deir Cumann na bhFeirmeoirí go gcaithfidh an Rialtas tacaíocht airgid a chur ar fáil do lucht curtha na bprátaí mar gurb í seo an bhliain is dúshlánaí atá feicthe i gcuimhne na ndaoine atá ag saothrú san earnáil.

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar Nuacht TG4 ag a 7 a chlog.