Tá an Tánaiste Micheál Martin dóchasach go ndéanfaidh údaráis na Síne cinneadh "taobh istigh de mhíonna" faoi thús a chur arís le h-easpórtáil mairteola chuig an tSín.
Tá deireadh curtha le h-onnmhairiú mairteola ó thánagthas ar chás de Ghalar na Bó Mire (ESB) i mbó in Éirinn.
Dúirt an Tánaiste atá ar thuras ceithre lá ar an tSín, nach bhfuil imní air go ndéanfaidh an cosc dochar do chliú na hÉireann."
"Is cuid í an fhionraíocht dheonach seo den phrótacal a d'aontaigh an Stát leis tSín nuair a tosaíodh ag easpórtáil mairteola i dtús laetha," a dúirt an Tánaiste. "Is dona gur tharla seo ach ceapaim go léiríonn sé chomh héifeachtach is atá na srianta atá againn. Agus is cás neamhgnáth é seo. Ní dheachaigh an fheoil ón mbó seo isteach sa mbiashlabhra."
Dúirt an Tánaiste nach bhfuil am cinnte socraithe faoina gceadófar mairteoil a easportáil chuig an tSín in athuair, ach go bhfuil súil aige go dtarlóidh sin taobh istigh de roinnt míonna.
Tá an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue ag déanamh a mhachnaimh maidir le cúnamh airgid do fheirmeoirí a bheidh thíos leis an fhionraíocht easpórtála.
Dúirt an Tánaiste go gcreideann sé go mbeidh tionchar measartha teoranta ag an fhionraíocht ar fheirmeoirí, de bhrí go ndéantar mairteoil na hÉireann a onnmhairiú chuig 70 tír éagsúil.