skip to main content

Stad curtha le onnmhairiú mairteola as Éirinn anonn go dtí an tSín de bharr "cás aitíopúil" den aicíd BSE

Seanbhó 10 mbliana d'aois a léirigh comharthaí BSE.
Seanbhó 10 mbliana d'aois a léirigh comharthaí BSE.

Tá stad curtha le onnmhairiú mairteola as Éirinn anonn go dtí an tSín de bharr "cás aitíopúil" den aicíd BSE - Einceifealapaite Spúinseach Bólachta, nó galar na bó buile - a bheith aimsithe i mbeithíoch sa tír seo.

Buille trom é, gan margadh na Síne ach athoscailte ó mhí an Aibreáin, tar éis stad beagnach 3 bliana de bharr cás den ghalar céanna i 2020.

Le gairid a haimsíodh an cás nuair a rinne lucht na Roinne Talmhaíochta tástáil ar bhó 10 mbliana d'aois a bhí caillte agus le cur ó mhaith.

Faoi na rialacha atá aontaithe leis an tSín níl aon ghabháil as ach an tráchtáil a chur ar fionraí chomh luath is a aimsítear cás BSE.

Is faoi údaráis na Síne cinneadh a dhéanamh cén uair ar féidir an fhionraíocht a chur go leataobh.

San Earrach nuair a ceadaíodh ar ais mairteoil na hÉireann d’eagraigh an Bord Bia mórfheachtas bolscaireachta le feoil na tíre a chur chun cinn i dtír ina bhfuil 1.4 billiún tomhaltóir.

Ach sách lag a bhí an díol ón tús. Luach €96 milliún a bhí ann i 2019.

Ní hionann BSE-aitíopúil atá in ann a theacht ar bhó a bhfuil aois mhór aici, agus BSE tipiciúil a tholgaíonn beithí ó bhia truaillithe.

Deir an Roinn Talmhaíochta nach raibh baol dá laghad ann gur i mbiashlabhra an duine a d’fhéadfadh an t-ainmhí a raibh an aicíd uirthi a ghabháil.