skip to main content

76% de mhuintir Iosrael ag rá gur chóir do Netanyahu éirí as

Tá buamáil déanta ag fórsaí Iosrael ar champa teifeach al-Maghazi i lár Ghaza. 45 duine ar a laghad a maraíodh san eachtra
Tá buamáil déanta ag fórsaí Iosrael ar champa teifeach al-Maghazi i lár Ghaza. 45 duine ar a laghad a maraíodh san eachtra

Tá aire curtha ar fionraí in Iosrael i ndiaidh dó a rá gur "rogha amháin" a bheadh ann arm núicléach a úsáid ar Ghaza. Agus léiríonn na pobalbhreitheanna is déanaí go gcreideann 76% de mhuintir Iosrael gur chóir do phríomhaire na tíre, Benjamin Netanyahu, éirí as. Tá ag géarú ar an míshuaimhneas in Iosrael féin.

Idir an dá linn, tá sé molta go láidir ag an aireacht sláinte i nGaza - atá faoi smacht Hamas – do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus don Éigipt gur eatarthu, gur chóir dóibh a chinntiú go mbeidh na hothair ar baineadh na gortuithe is measa dóibh in ann Gaza a fhágáil.

"Táimid ag iarraidh ar Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge coimirce aistir a thabhairt do na daoine is mó a gortaíodh, faoi thionlacan go dtí an trasbhealach teorann ag Rafah. Ina dhiaidh sin, is féidir iad a scaoileadh faoi chúram na n-ospidéal san Éigipt", a dúirt an aireacht sláinte i ráiteas. "Nó d'fhéadfaí otharchairr de chuid na hÉigipte a ligint isteach i nGaza chun na hothair a bhailiú."

Tá buamáil déanta ag fórsaí Iosrael ar champa teifeach al-Maghazi i lár Ghaza agus deir na húdaráis i nGaza gur maraíodh 45 duine ann. Tuairiscítear gur chuir Iosrael comhairle ar mhuintir thuaisceart Ghaza gur láthair shabháilte a bheadh ann. Níl sé deimhnithe ag Iosrael gur iadsan a bhí freagrach as. Tá trí bhuamáil déanta ar champaí teifeach le ceithre huaire is fiche anuas.

Cheadaigh Iosrael sos ceithre huaire sa trodaíocht chun fóirlithint a ligint isteach, agus othair a ligint amach, as Gaza inniu. Ach tá Tel Aviv fós ag rá nach mbeidh aon sos cogaidh substainteach ann go dtí go scaoilfear saor na giall atá á gcoimeád i nGaza.

Thug Stát-Rúnaí Mheirceá, Anthony Blinken, le fios inniu nár chóir muintir Ghaza a "aslonnú le lámh láidir". Ag caint a bhí sé ag an am sa mBruach Thiar, áit a raibh sé ag bualadh le hUachtarán na Pailistíne, Mahmoud Abbas. Seo í an chéad uair a thug Anthony Blinken cuairt ar an mBruach Thiar ó thosaigh an trodaíocht seo, i ndiaidh na n-eachtraí ar 7 Deireadh Fómhair, tráth a mharaigh Hamas 1,400 duine in Iosrael. Tá ag géarú ar an bhforéigean sa mBruach Thiar le mí anuas freisin.

Tá beagnach 10,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael i nGaza ó shin i leith, a deir na húdaráis i nGaza.

Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil 504 duine maraithe i 102 ionsaí ar ionaid chúram sláinte i nGaza ó thosaigh an cogadh.

Tá ag géarú ar an míshuaimhneas san Iosrael féin. Cuireadh aire ar fionraí sa tír sin i ndiaidh dó a rá gur "rogha amháin" a bheadh ann arm núicléach a úsáid ar Ghaza

Iarúsailéim

Ag caint linn ó Iarúsailéim inniu, dúirt an t-iriseoir as Éirinn, Hannah McCarthy, go raibh agóidí ar fud Iosrael aréir.

"De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, creideann 33% den phobal gur chóir do Benjamin Netanyahu éirí as láithreach", a deir an t-iriseoir as Éirinn i Iarúsailéim, Hannah McCarthy

"Bhí mé sa gcathair sin aréir", a dúirt sí, "agus d’fhreastail mé ar agóid taobh amuigh de theach cónaithe Phríomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu. Bhí dhá mhíle duine i láthair ag an agóid, iad ag éileamh go n-éireodh sé as.

"Labhair mé le daoine ansin. Dúirt siad gur cheap siad go raibh Netanyahu freagrach as 'sléacht agus ár’ i nGaza, agus go raibh deighilt mhór anois san Iosrael féin.

"De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, creideann 76% den phobal gur chóir do Benjamin Netanyahu éirí as láithreach."