Seo í an Ard Fheis dheireanach a bheas ag Fianna Fáil roimh na toghcháin áitiúla agus Eorpacha, ach beidh ceann eile ann roimh an olltoghchán.
Mar sin, go poiblí ar aon nós, cuireadh an bhéim inniu ag Ard Fheis Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath ar na hullmhúcháin do na toghcháin áitiúla agus Eorpacha.
Cé go bhfuil urlabhraithe ar son an pháirtí ag maíomh go poiblí nach bhfuil aon tuairimí acu maidir le féidearthachtaí comhrialtais amach anseo, nó maidir le todhchaí Mhicheál Martin sa pháirtí, is cinnte gur ar chúla téarma go bhfuil cur agus cúiteamh faoi na hábhair sin.
Maidir le féidearthachtaí comhrialtais, rinne an Tánaiste a sheacht ndícheall inniu chun ceisteanna maidir le dearcadh Fhianna Fáil i leith Shinn Féin mar leathbhádóir a sheachaint.
Tá cúrsaí sláinte agus tithíochta ar na dúshláin is mó atá le sárú sa tír seo i láthair na huaire. Ach i gcás chúrsaí tithíochta ar aon nós, tá cur chuige iomlán éagsúil ag Fianna Fáil agus Sinn Féin maidir le an tslí go rachaidís i ngleic leis an ngéarchéim: bíonn Fianna Fáil ag maíomh as na scéimeanna a chuireann siad ar fáil chun cuidiú le ceannaitheoirí céaduaire tithe a cheannach; ní maith le Sinn Féin na scéimeanna sin.
"Ní thuigim cén fáth a bhfuil Sinn Féin ag iarraidh deireadh a chur leis na scéimeanna sin. Cúig chéad duine gach seachtain atá ag ceannach a gcéad teach sa tír seo, a bhuíochas leis na scéimeanna seo", a dúirt an tAire Tithíochta Darragh O'Brien ag an Ard-Fheis inniu. "Cén polasaí atá ag Sinn Féin?"
Lena cheart a thabhairt go Shinn Féin, deir siadsan go gcuireann scéimeanna na gceannaitheoirí céaduaire leis an mboilsciú ar phraghsanna tithe.
MEÁNOIRTHEAR
Tá Sinn Féin i ndiaidh a rá arís gur chóir don rialtas an ruaig a chur ar Ambasadóir Iosrael as an tír seo. Ach ní raibh aon athrú inniu ar intinn Mhicheál Martin maidir leis an gceist sin.
"Má chuireann muidne an ruaig ar Ambasadóir Iosrael, cuirfear Ambasadóir na hÉireann in Tel Aviv as Iosrael freisin. Agus tá obair fhíorthábhachtach á déanamh ag an ambasadóir sin. Tá siad i mbun oibre chun Éireannaigh a aslonnú ó Ghaza."
Tá 35 duine go bhfuil pas Éireannach acu fós i nGaza. Ní raibh an Tánaiste sásta aon ní a rá inniu, áfach, faoi na raflaí go bhfuil saoránach de chuid na hÉireann á choimeád ina ghiall i nGaza faoi láthair ag Hamas.
Thart ar 1,500 duine a bhí i láthair ag an Ard-Fheis inniu. Dúirt an Tánaiste freisin gur mhaith leis dá leanfadh an rialtas ar aghaidh go dtí deireadh an téarma seo, i 2025.