Tá sé tugtha le fios ag aireacht sláinte Gaza go bhfuil 8,796 duine ar a laghad maraithe – 3,648 leanbh ina measc – ó thosaigh fórsaí Iosrael ag buamáil na hiamhchríche Palaistíní os cionn trí seachtaine ó shin.
Mar bharr ar an olc, dar leis an gcarthanas Médecins Sans Frontières go bhfuil 20,000 duine a gortaíodh san ollbhuamáil sáinnithe in Gaza gan cúram ceart leighis le fáil acu de bharr an áit a bheith faoi léigear diongbháilte ag na hIosraelaigh.
Tuairiscítear go raibh pléascanna thart ar Ospidéal al-Quds i gCathair Gaza ar maidin inniu tar éis do na hIosraelaigh fógra a thabhairt do dhaoine imeacht as an áit gan mhoill.
Ní fhéadfaí an fógra sin a chur i ngníomh, áfach, gan na hothair a chur i gcontúirt, dar leis na Náisiúin Aontaithe.
Go deimhin, tá sé ráite ag Ard-Choimisinéir Cearta Daonna na Náisiún Aontaithe Volker Türk go bhfuil "an-imní air go mb'fhéidir gur coireanna cogaidh atá sna hionsaithe díréireacha atá na hIosraelaigh a dhéanamh" ar mhuintir Gaza.
Tá ospidéil eile in Gaza dúnta de cheal soláthairtí leighis agus breosla, an t-aon ospidéal ailse san iamhchríoch ina measc.
Níl soláthairtí de chineál ar bith, thar dhíol suarach, á ligean isteach san áit ag na hIosraelaigh ó chuir siad tús leis an réabadh.
Tá sé tugtha le fios ag na Palaistínigh gur maraíodh 195 duine ar a laghad agus gur gortaíodh 777 de bharr dhá ionsaí éagsúla a rinne aerfhórsa Iosrael inné ar cheantar Jabalia ó thuaidh ó Chathair Gaza.
Deir siad freisin go bhfuil 120 duine eile ar iarraidh tar éis an ruathair.
Deir na hIosraelaigh gur maraíodh beirt chomhaltaí shinsearacha de Hamas san ionsaí.
Tuairiscítear go bhfuil cathláin Iosraelacha – idir chos-sluaite, a gcuid tancanna agus a gcuid feithiclí armúrtha – go bhfuil siad ag brú chun cinn de réir a chéile i dtuaisceart Gaza le dúil seilbh a ghabháil ar Chathair Gaza.
Dealraíonn sé go n-osclófar ar feadh tamaill arís inniu trasbhealach Rafah idir Gaza agus an Éigipt le eachtrannaigh agus roinnt daoine atá tinn – nó a gortaíodh sa bhuamáil – a ligean amach as an iamhchríoch.
Agus é ag canbhasáil in Minneapolis inné, d'iarr Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden sos gearr comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza le gur féidir na gialla Iosraelacha atá faoi choinneáil ann ag Hamas a fhuascailt.
Tá iarrtha aige freisin roimhe seo sos gearr comhraic a chur i bhfeidhm le soláthairtí fóirithinte a ligean isteach ann.
Tá Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken le cuairt a thabhairt ar Iosrael inniu, mar a mbeidh cruinnithe aige leis an bpríomh-aire Benjamin Netanyahu agus le hoifigigh eile na tíre.
Dúirt urlabhraí Antony Blinken go gcuirfeadh an Rúnaí Stáit a thacaíocht do na hIosraelaigh in iúl dóibh ach go meabhródh sé dóibh freisin an oibleagáid atá orthu sibhialtaigh a chosaint.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ