Tugadh cúigear chuig an ospidéal tar éis d'fhoirgneamh tabhairt uaidh i gCill Cheallaigh, sráidbhaile in oirthear Mhaigh Eo.
Ní cosúíl gur bhain droch-ghortú le haon duine den chúigear.
Bhí an cúigear a gortaíodh ina n-aíonna AirBnB os cionn an tí ósta san fhoirgneamh a deirtear a bhí céad bliain ar an láthair.
Beirt pháistí, a máthair, a seanathair agus a pháirtí siúd iad an cúigear a bhí san fhoirgneamh nuair a tharla an tubaiste roimh a 9 ar maidin.
Bhí duine den chúigear sáinnithe sa smionagar ar feach leathuaire, ach saoradh í agus tugadh slán í.
Is cosúíl go raibh an cúígear ina leapacha nuair a thug an foirgneamh uaidh agus caitheadh amach ar an tsráid iad.
Tá físeán den láthair agus den tubaiste tugtha ar láimh do na Gardaí.
Dúírt an comhairleoir áitiúil John Caufield gur mhíorúilt a bhí ann gur thug an cúígear na cosa slán leo.
Bhi an baile gan chumhacht leictreachais ar feadh scathaimh ar maidin, ach tá sé sin curtha ina cheart arís.
Tá fiosrúchán curtha ar bun ag an Údarás um Shábháilteacht agus Sláinte, atá ar an láthair.