skip to main content

50 á dtuairisciú maraithe in ionsaí ar champa teifeach i nGaza

Caoga duine ar a laghad atá maraithe i ruathar ag fórsaí Iosrael ar campa teifeach i gcríocha na Pailistíne, dar leis an roinn sláinte i nGaza.

Deir ráiteas ón roinn, atá faoi stiúr Hamas, gur maraíodh 50, go bhfuil 150 gortaithe agus na scórtha eile faoin smionagar i gcampa Jabalia i dtuaisceart stráice Gaza.

Sléacht ghránna a thug an ráiteas ar an ionsaí.

Níor thug an IDF, arm Iosrael aon fhreagra ar cheisteanna faoi na hionsaithe.

Trodaíocht sna tolláin

Idir an dá linn tá fórsaí Iosrael ag maíomh gur ionsaigh siad mílistigh Hamas istigh sa ghréasán tollán faoi bhun Gaza.

Sprioc lárnach d'Iosrael iad na tolláin agus dlús á chur leis an ionradh talún taobh istigh de Gaza in iarracht gluaiseacht Hamas a scrios, trí seachtaine tar éis ionsaí Hamas a mharaigh 1,400 duine, dar le hIosrael.

Deir arm Iosrael, an IDF, gur bhuail siad 300 sprioc ar a n-áirítear bunáiteanna míleata i dtolláin faoi thalamh a raibh an acmhainn iontu roicéid a láinseáil.

Ar an mbóthar thuaidh-theas i lár Gaza a bhí go leor den ionsaí dírithe, dar le finnéithe a deir go ndearnadh ionsaí ar chathair Gaza ón dá thaobh.

Brú chun sos sa trodaíocht a ghairm

Tháinig an ruathar seo lá tar éis don Phríomh-Aire Benjamin Netanyahu diúltú don éileamh ar shos sa trodaíocht de bharr na géarchéime daonnúla san iamhchríoch Pailistíneach.

Tá na Náisiúin Aontaithe agus áisínteachtaí eile ag tuar go mbeidh tubaiste sláinte phoibilí i nGaza go luath agus ospidéil in achrann leis na sluaite gortaithe sna hionsaithe ach iad fíorghann ar bhia, ar chógais, ar uisce agus ar bhreosla.

Tá príomh-chomhghuaillí Iosrael, na Stáit Aontaithe féin, ag iarraidh ar Iosrael sos a chur sa trodaíocht le gur féidir fóírithint dhaonnúíl a éascú.

Chuir Anthony Blinken, Stát-Rúnaí Washington, béim ar chúnamh slándála d'Iosrael agus ar chúnamh daonnúil do Phailistínigh Ghaza ag an am céanna.

Dúirt Blinken gur mó an seans go scaipfidh an trodaíocht agus go ngabhfaidh an fhulaingt i méid, mura mbeidh an fhóirithint daonnúil ann go luath agus go leanúnach. Ar leas Hamas a bheadh sé seo, a dúirt sé, mar chuirfeadh sé Hamas i riocht na slánaitheoirí, in ainneoin a ndearna siad leis an anró a tharraingt ar a bpobal féin.

Giall fuascailte

Dúirt Iosrael gur shaoraigh an IDF saighdiúir dá gcuid ó ghéibheann Hamas, duine de na 239 giall a ghaibh Hamas in Iosrael an 7 Deireadh Fómhair.

Go dtí seo, 4 sibhialtach atá saoraithe ag Hamas. Creidtear go bhfuil cuid mhaith de na gialla á gcoinneáil sna tolláin faoi Gaza.

8,306 é líon na marabh i nGaza ón 7 Deireadh Fómhair, dar le húdaráis sláinte Gaza a deir gur páistí iad 3,457 díobh sin.

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil os cionn 1.4 milliún duine, as 2.3 milliún san iomlán, fágtha gan dídean.