Tá contaethe Lú agus an Dúin buailte go dona ag tuilte ón mbáisteach throm thar oíche.
Tá cuma locha ar áiteanna i lár an Iúir i gCo. an Dúin tar éis tuilte ón mbáisteach throm a thit ansiúd thar oíche, sna sála ar aimsir fhliuch na laethanta deireanacha seo.
Dúirt Éamonn Connolly ó lucht gnó an Iúir nach bhfacthas a leithéid riamh ar an mbaile, leis an gcanáil agus an abhainn lán go bruach.
Bhí sé ina lán mhara ag am lóin inniu, ach níor chuir sin leis an tuile, ó nach raibh sé ag báisteach ag an am, a dúirt sé.
Tá áiteanna ar an mbaile anois nach féidir teacht orthu ach i mbád.
Dúirt Éamonn Connolly le RTÉ go bhfuil an tuile ag cur as do na scórtha gnó, agus go bhfuil dochar déanta go forleathan.
Tá roinnt gnónna báite i dtuile atá ag baint leibhéal na bhfuinneog amach, a dúirt sé, agus tá dochar déanta d'fhoirnimh agus do stoc na siopaí.
Ó tá an tIúr ar thuilemhá, tá sé an-deacair ar ghnónna agus ar aitritheoirí clúdach árachais a fháil in aghaidh an sórt seo dochair.
Chuaigh an chanáil thar a bhruacha aréir agus tá an PSNI ag moladh do dhaoine gan triall ar lár an Iúir.
Tá roinnt bóithre sa cheantar dúnta freisin agus fuarlaigh orthu, agus déanfaidh paisinéirí traenach ar an Entreprise idir Bhaile Átha Cliath agus Béal feirste cuid an Iúir den turas ar bhus.
Tá an Roinnt Infrastruchtúir i Stormont ag tuar go mbeidh tuilte ag cur as do chúrsaí tráchta de bharr an bháisteach bheith ag titim ar thalamh atá báite cheana féin, de bharr ardú i leibhéil aibhneacha, rud a thabharfaidh fuarlaigh ar bhóíthre.
Dá bharr sin, tá an baol ann go mbeidh bóíthre á ndúnadh ag údaráis áitiúla.
RInne tuilte dochar do dhroichead os cionn na habhann i mBaile Nua, Co. Lú agus tá grúpaí pobail ag cur fainic ar dhaoine faoi bhóithre atá báite i bhfuarlaigh agus nach bhfuil slán.
Beidh comhairle contae Lú ag cur seirbhísí éigeandála ar fáil do na pobail atá buailte as seo go ceann cúpla lá, agus an Fhoireann Drochaimsire i mbun fhaire leanúnach ar an aimsir.
Idir an dá linn, tá foláireamh Stádas Buí eisithe ag Met Éireann do Chiarraí as seo go dtí 12pm amárach.
Tá baol ar fhuarlaigh agus ar thuilte áitíúla, beidh drochléargas ag lucht taistil.
Amárach a bheidh Stoirm Ciarán ag teacht gar d'Éirinn, agus tabharaidh gaotha láidre agus báisteach throm leí, armárach agus Déardaoin.