Tá iaruachtarán Chumann Sacair na Spáinne Luis Rubiales curtha ar fionraí ar feadh trí bliana ag an gComhaontas Idirnáisiúnta Sacair (FIFA) mar gheall ar an bpóg mhíchlúiteach a thug sé do chaptaen fhoireann ban na Spáinne Jenni Hermoso.
Phóg sé Jenni Hermoso ar na beola os comhair an tsaoil tar éis don Spáinn Corn an Domhain a bhuachan san Astráil ar an 20 Lúnasa.
Dúirt Jenni Hermoso ina dhiaidh sin, áfach, gur póg gan chead a bhí ann agus gur chuir an gníomh samhnas uirthi.
D'éirigh Luis Rubiales as a phost mar uachtarán Chumann Sacair na Spáinne an mhí seo caite i bhfianaise na conspóide.
I ráiteas inniu, dúirt FIFA gur gearradh téarma fionraíochta trí bliana ar Luis Rubiales as alt 13 de chód smachta na heagraíochta a shárú.
Ní bheidh cead aige páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíochtaí oifigiúla a bhaineann le FIFA nó go mbeidh na trí bliana sin caite, ach tá deich lá aige le achomharc a dhéanamh in aghaidh an phionóis.
Bhí téarma fionraíochta sealadach 90 lá á chur isteach ag Luis Rubiales cheana féin.
Dúradh i ráiteas FIFA chomh maith go raibh an eagraíocht "diongbháilte ar ionracas gach duine a chosaint agus ar a chinntiú go gcloífí le bunrialacha an dea-iompair".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ