skip to main content

Sam Cane, an 1ú fear le bóthar a fháil i gcluiche craoibhe RWC

An t-imreoir Sam Cane
An t-imreoir Sam Cane

Beidh sé mar cheist ag cuid mhaith tráthanna na gceist sna blianta amach romhainn.

An chéad fhear riamh a fuair bata agus bóthar i gCluiche Ceannais Rugair an Domhain;Sam Cane an freagra.

Bhí ar fhoireann All Blacks na Nua Shéalainne déanamh d'uireasa a chuid seirbhisí ar feadh dhá thrian den chluiche mór tráthnóna inné.

An Afraic Theas ag ceiliúradh

Díbríodh Sam Cane tar éis 28 nóiméad imeartha sa chluiche mór idir an Nua Shéalainn agus an Afraic Theas sa Stade de France.

Taispeáineadh an cárta dearg dó mar gur cinneadh go raibh an bealach a ndeachaigh sé i ngleic le Jesse Kriel óna Boks ró-chontúirteach.

D'fhág sin foireann na All Blacks taobh le 14 fear ar feadh an chuid eile den chluiche.

Throid na All Blacks go cróga áfach agus bhí siad i bhfoisceacht pointe amháin don Afraic Theas nuair a séideadh an fheadóig den uair dheiridh sa chluiche ceannais den 10ú Craobh Domhanda sa Rugair.

Déarfadh go leor go ndearnadh éagóir ar bhuachaillí Ian Foster mar gur baineadh úd díobh freisin ag tús na dara leithe.

Cinneadh go ndeachaigh an liathróid chun cinn de dhroim láimhe tamall gairid sular éirigh le Aaron Smith an liathróid a thabhairt thar an líne cúil.

Ach scóráil Beauden Barrett ina dhiaidh sin, an chéad úd riamh a scóráileadh in aghaidh na hAfraice Theas i gcluiche ceannais de Chraobh an Domhain.

Faraor do na All Blacks,theip ar Richie Mo'unga an t-úd a shlánú agus d'fhan an bhearna d'aon chúilín amháin idir na fóirne as sin go deiridh.

Ina dhiaidh sin cailleadh seans eile nuair nár éirigh le Jordie Barrett cic píonóis a scóráil don Nua Shéalainn.

Bíodh is go raibh siad fear gann, b'iad an Nua Shéalainn ba láidre a chríochnaigh ach ní raibh siad in ann cosaint dhamanta na Boks a shárú.

Fear amháin a scoráil pointí iomlána na hAfraic Theas sa chluiche seo, iad ar fad ag teacht sa chéad leath as ciceanna píonóis ó bhróig Handre Pollard.

Siad an Afraic Theas anois atá chun cinn ar an ord fiúntais maidir leis an líon is mó riamh de choirn dhomhanda.

Ba í aréir an 4ú uair i stair an chomórtais a chroch captaein dá gcuid Corn an Webb Ellis.

Bhuaigh siad sa Fhrainc freisin é sa bhliain 2007.

Is iad 1995 ina dtír dhúchais féin agus 2019 sa tSeapáin na blianta eile atá i gceist.