Tá Corn Rugbaí an Domhain buaite arís ag foireann na hAfraice Theas.
D'éirigh leis na Springboks,seaimpíní na bliana 2019 Webb Ellis a chrochadh leo arís i ndiaidh chluiche drámatúil i bPáras anocht.
Chloígh na Boks foireann All Blacks na Nua Shéalainne sa Stade de France.
Farasbarr aon phointe amháin 12-11 a bhí ag an Afraic Theas ar deiridh, an bhearna chéanna a bhí idir iad féin agus a gcéillí comhraic sa chluiche leathcheannais agus ceathrú ceannais.
Bhí cuma na maitheasa ar an Nua Shéalainn nuair a fuair siad an t-aon úd den chluiche 14 nóiméad isteach sa dara leath, Beaudon Barrett á chaitheamh féin thar an líne sa choirnéal agus an liathróid ubhchruthach faoina ascail aige.
Ach ba é sin an scór deiridh den chluiche mar gur theip ar an All Blacks an t-úd a shlánú.
Choinnigh na Boks a misneach agus choinnigh siad amach an Nua Shéalainn sna 20 nóiméad deiridh.
Siad an Afraic Theas mar sin seaimpíní rugbaí an domhain don 4ú huair riamh;curiarracht.
Beidh sé ina cheilúradh anocht acu ar shráideanna Pháras agus i gcathracha eile níos faide ó bhaile.