skip to main content

Póilíní in Maine fós sa tóir ar fhear a mharaigh 18 duine

Póilíní in Maine sa tóir ar Robert R Card
Póilíní in Maine sa tóir ar Robert R Card

Tá na póilíní in Maine in oirthuaisceart na Stát Aontaithe fós sa tóir ar Robert R Card, an fear a chreideann siad a bhí freagrach as ocht nduine dhéag a lámhach agus a mharú i mbaile Lewiston arú aréir.

Lámhachadh agus maraíodh na hocht nduine dheag, agus leonadh trí dhuine dhéag eile, i dteach ósta agus i bpinniúr babhlála.

Chaith na céadta póilín cuid mhór den lá inné sa tóir ar Robert R Card i gceantar tuaithe Bowdoin, áit ina raibh sé ina chónaí, soir ó Lewiston.

Thimpeallaigh siad a theach ar feadh scaithimh go dtí go raibh siad cinnte nach raibh aon duine ann.

Tá na húdaráis ag cur a loirg anois feadh na habhann aon chiliméadar déag soir ó dheas ó Lewiston.

Tá Robert R Card 40 bliain d'aois agus is sáirsint é in Arm Cúltaca na Stát Aontaithe.

Tuairiscítear gur chaith sé coicís in ospidéal meabhairghalair le gairid.

Tá 38,000 duine ina gcónaí in Lewiston agus tá an áit ar tinneall de bharr Robert R Card a bheith saor i gcónaí agus gan a fhios ag aon duine cá bhfuil sé.

Tá gnóthais an bhaile dúnta agus níl ach fíorbheagán carranna ar na bóithre agus faitíos an domhain ar dhaoine go bhfuil tuilleadh urchóide beartaithe ag an teifeach.

Tá pobal Gael-Mheiriceánach i gceantar Lewiston, an polaiteoir sinsearach áitiúil Margaret Craven – Conamarach ó dhúchas – ina measc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ