skip to main content

Cos-slua Iosrael ag réiteach an bhealaigh in Gaza

Khan Younis, Gaza, 27 Deireadh Fómhair 2023
Khan Younis, Gaza, 27 Deireadh Fómhair 2023

Tá céim ar aghaidh tugtha ag fórsaí Iosrael san ionradh mór scóipiúil a chreidtear atá beartaithe acu a dhéanamh ar iamhchríoch Gaza na bPalaistíneach.

Chomh maith leis an tréanionsaí buamála ón aer atá na hIosraelaigh a dhéanamh gan stad ar Gaza, tá ruathair tugtha ag saighdiúirí coise ar ionaid ar leith sa limistéar le ceithre huaire fichead.

I ráiteas, dúirt Arm Iosrael gur thug buíonta saighdiúirí sciuirdeanna faoi thargaidí a bhain le Hamas i gcathair Gaza agus in áiteanna eile san iamhchríoch.

Bhí idir shaighdiúirí coise, dhróin agus scairdeitleáin páirteach sna ruathair, a dúradh sa ráiteas.

Siúd is go bhfuil sé ar intinn ag na hIosraelaigh ionradh uileghabhálach a dhéanamh ar Gaza, tá sé tugtha le tuiscint acu gur d'abhóga ó áit go háit a rachas siad ar aghaidh ann.

Áirítear os cionn 7,000 duine – 3,000 leanbh ina measc – a bheith maraithe ag fórsaí Iosrael in Gaza le seacht lá dhéag.

Tá sé á thuairisciú ag nuachtán sa Rúis inniu go bhfuil leathchéad giall Iosraelach i measc na marbh freisin.

Ceaptar go bhfuil thart ar 200 giall á gcoinneáil ag Hamas in áiteanna éagsúla ar fud Gaza.

Fuadaíodh iad le linn an mhórionsaithe a rinne lucht airm Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair inar maraíodh 1,400 duine, sibhialtaigh a mbunáite agus leanaí ina measc.

Tá sé tugtha le fios ag na Náisiúin Aontaithe in Gaza go bhfuil thart ar 629,000 duine ar foscadh i 150 ionad dídine de chuid na heagraíochta ar fud Gaza, tar éis nach bhfuil áit iontu ach dá dtríú cuid.

Campa teifeach, Rafah, Gaza, 27 Deireadh Fomhair 2023

Tá na daoine sin ar an ngannchuid mar nach bhfuil ach fíorbheagán bia agus uisce á ligean isteach in Gaza ag na hIosraelaigh.

Mar bharr ar an olc, a deir na Náisiúin Aontaithe, tá os cionn 5,000 Gazach a bhí ina gcónaí in Iosrael aslonnaithe go dtí an Bruach Thiar agus iadsan ar bheagán lóin freisin.

Ar a mhuin sin ar fad, tá cor nua curtha i gcúrsaí míleata sa réigiún tar éis d'fhórsaí Mheiriceá dhá ionad in oirthear na Siria a bhuamáil.

Dar leis na Meiriceánaigh go raibh fórsaí na hIaráine agus grupaí atá bainteach leo ag baint úsáid as na hionaid.

Dúirt Rúnaí Cosanta Mheiriceá Lloyd Austin gur scriosadh na hionaid i ndiaidh do ghrúpaí armtha a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin bunáiteanna Meiriceánacha san Iaráic agus sa tSiria a ionsaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ