skip to main content

18 nduine maraithe in ionsaí gunna i Maine

Tá tóraíocht mhór ar siúl i Lewiston, Maine féachaint le teacht ar an ngunnadóir a mharaigh 18 nduine agus a ghortaigh 13 dhuine eile sa chathair sin aréir.

Rinne an gunnadóir an sléacht ag teach ósta agus ag ionad babhlála sa chathair. Cuireadh pictiúr den ionsaí ar Facebook agus as sin d'aithin na póilíni Robert R. Card go poiblí mar amhrastach. Breathnaíonn sé go bhfuil gunna leath-uathoibríoch ina ghlaic aige san íomhá.

Tá na céadta póilín, ón bhfórsa áitiúil agus ón stát, sa tóír ar Card, a luaitear leis gur traenálaí gunnadóireachta é agus gur ball de chúltaca Arm na Stát Aontaithe freisin é.

Tuairiscíodh freisin go raibh fadhbanna meabhairshláinte aige le gairid agus gur bhagair sé go ndéanfadh sé ionsaí gunna ar bhunáit de chuid an National Guard.

Níl na tuairiscí sin deimhnithe go hiomlán go fóill.

Tá tuairim is 6.5km idir an teach ósta agus an t-ionad babhlála i Lewiston, cathair a bhfuil 38,000 áitritheoir ann agus atá 55km ó thuaidh de Portland, príómhchathair Stát Maine.

Tugadh na daoine a gortaíodh chuig ospidéil éagsúla sa cheantar mar a bhfuil cóir leighis á chur orthu.

Tá an tUachtarán Joe Biden á choinneáil ar an eolas faoin eachtra, agus labhair sé le Gobharnóir Mhaine, Jane Mills agus leis an mbeirt Sheanadóir sa stát, agus thairg tacaíocht iomlán don stát i ndiaidh na heachta.

Rialachán éadrom ar ghunnaí é an cháil atá ar stát Maine: ní theastaíonn ceadúnas ansiúd le gunna a cheannach ná a iompar, agus níl aon cheann de na dlithe foláirimh i bhfeidhm ann, dlithe a thugann cead do na húdaráis arm a bhaint de dhuine má mheastar iad bheith contúirteach.

Tá an sléacht seo ar an gceann is measa sna Stáit Aontaithe ó Lúnasa 2019 ar a laghad nuair a mharaigh gunnadóir 23 dhuine ag siopa Walmart in El Paso, Texas.

Is é an sléacht ag féile ceoil i Las Vegas i 2017 nuair a maraíodh 58 nduine, an oll-lámhach is measa riamh sna Stáit Aontaithe.