skip to main content

Ómós tugtha do Tina Satchwell ina baile dúchais

Sochraid Tina Satchwell i Mainistir Fhear Maí
Sochraid Tina Satchwell i Mainistir Fhear Maí

Tugadh ómós ina baile dúchais inniu do Tina Satchwell, an bhean a bhfuarthas a cnámhthaisí ina teach cónaithe in Eochaill coicís ó shin.

Ba as Mainistir Fhear Maí i dtuaisceart Chorcaí ó dhúchas Tina Satchwell agus is ann a bhí a sochraid inniu.

Sochraid phríobháideach a bhí ann ach mhoilligh an t-eileatram lasmuigh den teach inar tógadh í i bPlás Naomh Bearnaird ar an mbaile.

Stad daoine áitiúla feadh na sráide agus ghearr siad fíor na Croise orthu féin mar chomhartha dobróin.

Dúirt duine d'iarchomharsana Tina go raibh sé an-tábhachtach an deis sin a bheith ag an bpobal beannacht Dé a chur lena hanam.

Tina Satchwell

Bhí Tina Satchwell ar iarraidh ar feadh sé bliana go leith sula bhfuarthas a cnámharlach i log folaithe faoin staighre sa teach in Eochaill.

Bhí sí 45 bliain d'aois nuair a chonacthas go deireanach í i mí an Mhárta 2017.

Tá a fear céile Richard Satchwell, 57 bliain, cúisithe ina dúnmharú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ