skip to main content

Buaic-Ghradam Cumarsáide le bronnadh ar Eoghan Ó Néill

Eoghan Ó Néill
Eoghan Ó Néill

Tá Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2023 le bronnadh ar Eoghan Ó Néill, iriseoir, craoltóir agus tráchtaire as Béal Feirste.

Tugann Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aitheantas do shaothar saoil dhuine in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge.

I ráiteas, d'fhogair an tOireachtas go raibh an gradam á bhronnadh ar an Niallach "as téagar, substaint agus sárchaighdeán a shaothair sna meáin chumarsáide" i gcaitheamh na mblianta.

Dúirt Ceannasaí an Oireachtais Máirín Nic Dhonnchadha go raibh "cumhacht, crógacht agus ionracas i mbriathra Eoghan Uí Néill, bíodh siad clóite nó labhartha, agus bhí i gcónaí".

"Bhí sé i dtús cadhnaíochta freisin ag baint leasa as teicneolaíochtaí nua chun an nuacht a chur amach os comhair an tsaoil mhóir", arsa sí.

Dúirt Eoghan Ó Néill e féin gur "cinnte gur buaicphointe i mo shaolsa é m’ainm a bheith curtha leis an liosta le háireamh sin d’iriseoirí iontacha ar bronnadh an Buaic-Ghradam orthu".

Bhunaigh Eoghan Ó Néill agus a chara Gearóid Ó Cairealláin nuachtán seachtainiúil Gaeilge Preas an Phobail i 1981.

Ó 1984 ar aghaidh, foilsíodh an nuachtán go laethúil faoin teideal Lá.

Bhunaigh siad stáisiún raidió Gaeilge Raidió Feirste an bhliain dar gcionn, stáisiún a bhí ag craoladh gan cheadúnas go dtí 2006, tráth a athbhaisteadh Raidió Fáilte air.

In 2008, bhunaigh Eoghan Ó Néill an nuachtán ar líne Nuacht24.com, seirbhís nuachta ar líne a bhí ceannródaíoch ag an am sin.

Chomh maith le neart ardán eile, is aoichainteoir rialta é an Niallach ar Nuacht RTÉ.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ