Tá áiseanna Chumann Gleacaíochta Club Acro i gCarraig Thuathail, scriosta go h-iomlán ag na tuilte in Oirthear Chorcaí an t-seachtain seo.
Tá thart ar 400 duine, leanaí don gcuid is mó, cláraithe sa Chumann, ach deir an lucht bainistíochta nach féidir damáiste na dtuilte den chlub a chur ina cheart.
Táid buartha agus imníoch inniu freisin i bhfianaise foláireamh buí nua a d'eisigh Met Éireann do Cho. Chorcaí agus dhá chontae déag eile anocht.
Tá foláireamh oráiste eisithe do chontaetha Phort Láirge, Loch Garman agus Chill Chainnigh óna 4 a chlog maidin amárach ar feadh 24 uair a chloig.
Tuigtear go gcuirfear moltaí maidir le scéim cúitimh tuilte fao bhráid an chruinnithe Rialtais Dé Máirt.
Tá scéimeanna cosanta eile á bplé faoi láthair freisin, ina measc balla cosanta do Chathair Chorcaí ag Cé Uí Mhuireasáin.
Tuilleadh faoin scéal seo ar chuntais X agus Facebook Nuacht TG4.