Ghabh na Póilíní i nDoire tríúr fear maidir le taispeántas míleata le linn tórraimh sa chathair ag an deireadh seachtaine.
Is faoin Acht Sceimhlitheoireachta a gabhadh an triúr fear atá 23, 53 agus 56 bliain d'aois.
Scaoileadh na fir amach ar bannaí iad ó shin.
Ghabh an tSeirbhís Phóilíneachta dhá charr chomh maith le baill éadaí agus gutháin phóca.
Le linn thórramh an phoblachtánaigh Terry Robson sa chathair inné, rinneadh scannánaíocht ar fhir in éide mhíleata ina seasamh cliathánach leis an eileatram.
Tá na póilíní ag fiosrú físeáin ar na meáin shóisialta iinár cosúil go bhfeictear urchair á scaoileadh thar an chónra.
Bhí Terry Robson ar dhuine de bhunaitheoirí an IRSP, eite pholaitiúil an INLA.