D'éirigh le Springboks na hAfraice Theas an lámh in uachtar a fháil ar a gcéillí comhraic, Sasana tráthnóna inné.
Bhí an bhearna ba lú ar deiridh idir na foirne, 16 ag an Afraic Theas,15 ag Sasana.
Sa Stade de France i Saint Denis i bPáras a himríodh an cluiche.
Ciceanna píonóis a bhí tioncharach ar an scóráil, ba é sin an scéal a luafá leis an gcéad leath.
Bhí Sasana 12-6 chun cinn ag leath-am, ansin d'éalaigh siad 3 phointe eile chun cinn.
An scór ansin ab ea 15-6 i bhfábhar Shasana.
Ach dhúisigh na Springboks ansin, úd ó RG Snyman a slánaíodh agus ní raibh sa chluiche anois ach 2 phointe 15-13.
2 nóiméad ón deiridh scóráil Handre Pollard cic píonóis don Afraic Theas agus bhí bua aon phointe acu.
Tabharfaidh na Boks aghaidh ar All Blacks na Nua Shéalainne sa chluiche ceannais de Chorn Webb Ellis Dé Sathairn seo chugainn.