skip to main content

An t-imreoir sacair Bobby Charlton, tar éis bháis

Bobby Charlton le feiceáil ar shochraid iar-imreoir Man.United Harry Gregg i 2020
Bobby Charlton le feiceáil ar shochraid iar-imreoir Man.United Harry Gregg i 2020

Tá duine de laochra móra an tsacair i Sasana tar éis bháis.

Sin é Bobby Charlton a bhí 86 bliain d'aois.

D'imir Bobby Charlton 103 cluiche do Shasana.

Bhí sé ar an bhfoireann stairiúil sin i 1966 a bhuail an Ghearmáin Thiar (mar a bhí ag an am) i gCluiche Ceannais Chorn an Domhain.

Ba le Manchester United a chaith sé an chuid ab fhearr dá thréimhse imeartha club.

Ómós á léiriú inniu do Bobby Charlton

Bhí sé ar duine de na 'Busby Babes' sna caogaidí, tagairt ar ndóigh d'imreoirí óga bhainisteoir na fóirne sin Matt Busby.

Maraíodh go tragóideach cuid mhaith den fhoireann céadrogha sin de bharr na timpiste tragóidí a tharla ag Aerfort Munchen i bhFeabhra na bliana 1958.

23 duine ar fad a maraíodh sa timpiste sin nuair a phléasc an t-eitleán ar an rúidbhealach agus í ag iarraidh éirí san aer.

Bhí Matt Busby agus Bobby Charlton féin ar bheirt a tháinig slán.

Bhíothas ag ceapadh go mba fhéidir nach n-imreodh Bobby Charlton arís i ndiaidh na timpiste sin mar gur léir do chách gur ghoill sé go mór air.

Ach tháinig sé chuige féin, chuaigh ar ais i mbun traenála agus bhi ansin 10 mbliana níos deireanaí agus é cinniunach i 1968 i mbua Man United ar Benfica sa chluiche ceannais de Chorn na hEorpa

Scóráil Bobby Charlton 249 cúl do Manchester United, curiarracht a mhair ar feadh i bhfad.

Deartháir leis ar ndóigh Jack Charlton, an fear a stiúraigh foireann sacair Phoblacht na hÉireann le cáiliú do Chomórtas Euro '88 chomh maith le craobhacha an domhain i 1990 agus 1994.