Tá iarrachtaí ar bun i mBaile an Bhiataigh i gCo. na Mí tráthnóna chun tithe a chosaint ó thuilte.
Dúnadh an líne traenach idir Droichead Átha agus Dún Dealgan ar feadh scaithimh ar maidin, de bharr tuilte.
Cuireadh srianta luais i bhfeidhm ar thraenacha ar fud an Stáit inniu, a dúirt Iarnród Éireann, agus moill ar thurais dá bharr.
Bhí taillte agus cuid den Chumann Gailf i dTearmann Feichín i gCo Lú faoi uisce agus measann feirmeoir gairleoige ansin go bhfuil an leath chuid dá bharr gairleoige caillte anois aige.
Thug Comhairle Contae Lú le fios gur chaith a gcuid foirne an lá i mbun obair chóirithe ar stráice den bhóthar a thit as as a chéile, taobh amuigh de Dhún Léire tráthnóna inné.
I mBaile an Bhiataigh i gCo na Mí, bhí líon beag tithe faoi uisce i ndiaidh bháisteach throm na h-oíche aréir.
Bhí iarrachtaí ar bun inniu le tithe eile a chosaint agus tá oibrithe de chuid na Comhairle ag taoscadh uisce as na ceantracha is measa a bhí buailte.
Tá comhairleoirí áitiúila áirithe ag éileamh córas faoisimh tuillte don cheantar.

Leanadh leis an obair ghlantacháin i n-áiteanna éagsúla i gCorcaigh inniu.
Tá an Rialtas le tacaíocht a chur ar fáil ón tseachtain seo chugainn d'úinéirí tí agus lucht gnó faoi scéim Fóirithinte Dhaonnúil an Rialtais.
Dúirt an Tánaiste Micheál Martin tráthnóna go leasófar an scéim seo lena chinntiú go mbeidh na tacaíochtaí cuí ar fáil do dhaoine in am an ghátair.
Dúirt sé chomh maith go gcaithfear córas faoiseamh tuillte níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm i gceantair áirithe agus go gcaithfear iad a chur in áit a luaithe agus is féidir.