skip to main content

Bhain na mílte duine úsáid as uisce ó ghrúpscéimeanna príobháideacha a bhí truaillithe ag E.coli

Bhain na mílte úsáid as uisce a bhí truaillithe ag E.coli
Bhain na mílte úsáid as uisce a bhí truaillithe ag E.coli

Léiríonn tuarascáil ar chaighdeán uisce gur bhain na mílte duine úsáid as uisce ó ghrúpscéimeanna a bhí truaillithe ag E.coli.

Léirítear sa tuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go raibh E.coli i 14 grúpscéim phríobháideach.

Tá foláireamh tugtha ag an nGníomhaireacht go gcaithfear gníomhú ar bhonn práinne chun feabhas a chur ar chaighdeán an uisce a chuirtear ar fáil ó ghrúpscéimeanna príobháideachca agus ar sholáthairtí uisce i gceantair faoin tuath.

Deirtear sa tuarascáil nach bhfuil caighdéan an uisce ó fhoinsí príobháideacha chomh maith leis an gcaighdeán uisce poiblí.