Tá deireadh le ré eile i stair fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus é tugtha le fios gurb é eagrán na Bealtaine seo caite an t-eagrán deiridh den iris Feasta, míosachán a d'fhoilsigh Conradh na Gaeilge den chéad uair in 1948.
I litir a seoladh chuig na 350 síntiúsóir a d'fhan dílis don iris, dúirt an riarthóir Donnchadh Ó hAodha gur "síorlaghdú ar an dtacaíocht stáit don iris" is cúis le deireadh a chur lena foilsiú.
Ní raibh lucht na hirise ag iarraidh tuilleadh a rá go poiblí faoin scéal nuair a labhair Nuacht RTÉ leo inniu ach tá díomá ar léitheoirí faoin chinneadh.
Léachtóir Sinsearach i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, is ea Síle Ní Mhurchú agus bhíodh sí ag soláthar ábhair don iris.
"Thugadh Feasta ana-thacaíocht i gcónaí do scríbhneoirí – idir óg agus aosta – agus is trua ná beidh an tacaíocht san ar fáil níos mó", arsa sí.
"Tá Comhar againn fós gan dabht ach, dar liomsa, ní leor iris amháin. Bheadh earnáil na foilsitheoireachta i bhfad níos sláintiúla dá bhféadfaí leanúint ar aghaidh le Feasta. Is mór an trua é i ndáiríre", a dúirt an Dr Ní Mhurchú.

In 2014, mar chuid d'atheagar a rinneadh ar mhaoiniú fhoilseacháin Ghaeilge, chinn Foras na Gaeilge deireadh a chur leis an tacaíocht airgid a bhí Feasta a fháil ar feadh na gcianta roimhe sin.
Mar chúiteamh beag ar an gcinneadh sin, shocraigh Conradh na Gaeilge ar €10,000 sa bhliain a chur ar fáil don iris as an mhaoiniú a fhaigheann siad féin ón Fhoras.
Chomh maith leis sin, d'fhaigheadh Featas maoiniú áirithe ón Chomhairle Ealaíon ach dúradh leis na síntiúsóirí inniu nach bhféadfadh an iris maireachtáil ar an mhéid sin.

Mhaígh Donnchadh Ó hAodha sa litir a sheol sé chuig na síntiúsóirí gurbh é cinneadh Fhoras na Gaeilge tús an deiridh.
Dúirt sé nár tugadh aird ar bith ar mholadh a rinne sé ag éisteacht de Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais i mbliana go gcuirfeadh an Foras, nó eagraíocht eile, maoiniú ar fáil don iris agus go mbeadh oibleagáid ar leabharlanna poiblí síntiús a ghlacadh.
Níl fágtha anois d'irisí Gaeilge ach Comhar agus An Timire, agus is sa chartlann amháin a bheas fáil feasta ar Feasta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ