Tá daoine in oirthear Chorcaí agus in iarthar Phort Láirge ag dul i ngleic inniu le lorg na stoirme a bhuail an réigiún inné agus a d'fhág neart bailte agus sráidbhailte faoi uisce.
Cé go raibh fógra flannbhuí eisithe ag Met Éireann inné agus báisteach throm geallta acu, ní raibh aon choinne ag daoine leis an tréine a bhí inti.
Meastar, go deimhin, gur thit báisteach míosa in imeacht lae.
Tá sé tugtha le fios ag Comhairle Contae Chorcaí gur thuil uisce isteach i mbarr ar 100 teach agus gnóthas in oirthear an chontae.
Is iad na háiteanna is measa a buaileadh Gleann Maighir/Baile Roisín, Mainistir na Corann, an Geata Bán, Cluain, Baile na Martra agus Cill Ia.
Rinneadh an-damáiste d'Ospidéal Pobail Mhainistir na Corann agus tá caint ar othair a aslonnú ón áit dá dheasca.
Bhí tuilte freisin sa Linn Dubh agus i gceantar Bhóthar an Choimín i gcathair Chorcaí.
Dúirt an Tánaiste Micheál Martin agus an tAire Simon Coveney, arb as Corcaigh iad beirt, go gcuirfí tacaíocht ar fáil do dhaoine sa réigiún faoi Scéim Chúnaimh Dhaonnachta an Rialtais.
Tá fógra buí eisithe ag Met Éireann maidir leis an mbáisteach atá geallta i gCo Chiarraí inniu.
Meastar go mbeidh fuarlaigh in áiteanna sa chontae agus táthar ag achainí ar dhaoine a bheith an-chúramach nuair atá siad ag tiomáint.
Beidh feidhm leis an bhfógra buí idir 6 a chlog tráthnóna inniu agus 6 a chlog tráthnóna amárach.
Tá fógra buí eisithe ó thuaidh chomh maith maidir leis an mbáisteach atá geallta in Ard Mhacha, i nDoire, sa Dún, i bhFear Manach agus i dTír Eoghain.
Is tromchúisí a bheas an scéal in áiteanna in Albain, áfach.
Tá gaoth mhór agus báisteach "eisceachtúil" tuartha ag na meitéareolaithe thall agus dar leo go bhféadfadh beatha a bheiith i mbaol dá bharr, go háirithe i Siorrachd Obar Dheathain agus in Aonghas in oirthear na hAlban.
Táthar ag comhairliú do dhaoine sna háiteanna sin fanacht sa bhaile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ