Tuairiscítear gur maraíodh idir 200 agus 300 duine nuair a scaoil fórsaí Iosrael diúracáin le clós ospidéil i lár Gaza tráthnóna inniu.
Daoine a bhí aslonnaithe agus a bhí ar foscadh sa chlós ab ea na mairbh, de réir Aireacht Sláinte Gaza.
Dúradh freisin go bhfuil daoine sáinnithe faoin smionagar fós, beo nó marbh iad.
Tuairiscíodh níos túisce inniu gur maraíodh seisear nuair a bhuail diúracán Iosraelach scoil i gcampa teifeach i lár Gaza.
I ráiteas ó Eagraíocht Fóirithinte na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe Palaistíneacha, dúradh gur gníomh uafásach a bhí ann agus gur léirigh sé gur cuma leis na daoine a bhí freagrach as faoi shibhialtaigh.
Tá ballaíocht ar 3,000 Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le deich lá, ar leanaí iad an ceathrú cuid díobh.
Tá 2.3 milliún duine eile aslonnaithe de bharr na tuairgneála seasta atáthar a dhéanamh ar an áit.
Ar a dhroim sin, tá an iamhchríoch faoi léigear diongbháilte ag na hIosraelaigh agus cosc curtha acu ar bhia, ar uisce, ar bhreosla agus ar sholáthairtí leighis a thabhairt isteach ann.
Inné, bhuail diúracán Iosraelach ionad stórais leis na Náisiúin Aontaithe i gCathair Gaza a raibh soláthairtí fóirithinte ann.
Chuaigh an t-ionad trí thine agus scriosadh é.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ