skip to main content

Ashling Murphy sáite aon uair déag sa mhuineál

Ashling Murphy
Ashling Murphy

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, dúradh gur admhaigh Josef Puska agus é á cheistiú ag Gardaí gur mharaigh sé Ashling Murphy i gCo Uíbh Fhailí i mí Eanáir 2022.

Ionsaíodh agus maraíodh Ashling Murphy, múinteoir bunscoile 23 bliain d'aois, ar chosán taobh leis an gCanáil Mhór i gCeapach an Churraigh, Tulach Mhór, ar an 12 Eanáir 2022.

Tá Jozef Puska cúisithe ina dúnmharú agus dúirt an t-ionchúiseamh sa chúirt inniu go ndúirt sé le Gardaí dhá lá i ndiaidh an mharaithe gurb eisean a rinne é.

Tá Jozef Puska, 33 bliain, ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú Ashling Murphy.

Is de bhunadh na Slóvaice Josef Puska agus tá sé ag cur faoi in Éirinn ó 2012.

Dúradh go raibh sé ina chónaí i nGarrán Lainn Eala sa Mhuclach, baile fearainn in aice le Tulach Mhór.

Josef Puska

Dúirt abhcóide an ionchúisimh Anne-Marie Lawlor gur sháigh an cúisí Ashling Murphy aon uair déag sa mhuineál.

Maidir leis an bhfianaise, dúirt sí go bhfuarthas DNA Josef Puska faoi inge mhéara Ashling Murphy agus thug sí le fios nach raibh aithne ag mbeirt ar a chéile agus nach raibh aon bhaint acu le chéile roimh an ionsaí.

Dúirt Anne-Marie Lawlor gur fhág Josef Puska a rothar taobh le corp Ashling Murpy tar éis dó í a mharú agus gur theith sé ón láthair tríd an scrobarnach atá ag fás cois na canála.

Léiríonn íomhánna ó cheamaraí slándála, arsa sí, go raibh an cúisí ag rothaíocht go fánóideach i dTulach Mhór ar an 12 Eanáir 2022 roinnt uaireanta an chloig sular ionsaigh sé Ashling Murphy.

Dúirt an t-abhcóide go léiríonn na híomhánna sin freisin gur rothaigh Josef Puska an-ghar do bheirt bhan eile an lá sin.

Dúirt duine de na mná ina dhiaidh sin, arsa Anne-Marie Lawlor, go raibh sé ag stánadh uirthi agus ag gluaiseacht go mall taobh thiar di.

Dúirt an t-abhcóide go gceadódh an fhianaise ar fad a chuirfí faoi bhráid na ngiúróirí sa triail, go gcéadódh sé dóibh Josef Puska a chiontú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ