skip to main content

Joe Biden le cuairt a thabhairt ar Iosrael amárach

Buamáil Gaza: duine leonta á thabhairt chun bealaigh, Rafah, 17 Deireadh Fómhair 2023
Buamáil Gaza: duine leonta á thabhairt chun bealaigh, Rafah, 17 Deireadh Fómhair 2023

Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden le cuairt a thabhairt ar Iosrael amárach le haghaidh comhráite le Príomh-Aire na tíre sin Benjamin Netanyahu.

Dúirt Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe Antony Blinken go ndéarfadh Joe Biden le Benjamin Netanyahu go raibh sé de cheart ag Iosrael í féin a chosaint.

Ag tagairt a bhí sé, is cosúil, don ollionradh a cheaptar atá fórsaí míleata Iosrael le déanamh ar iamhchríoch Gaza lá ar bith feasta.

Tá sé fógartha ag na hIosraelaigh go bhfuil rún acu gluaiseacht Hamas in Gaza a dhíothú mar dhíoltas ar an mórionsaí a rinne comhaltaí den eagraíocht sin ar dheisceart Iosrael deich lá ó shin inar maraíodh 1,300 duine, sibhialtaigh a mbunáite.

15 Deireadh Fómhair 2023: Kibbutz Be'eri i ndeisceart Iosrael, áit ar mharaigh Hamas 112 duine

Thug Antony Blinken le fios go n-inseoidh na hIosraelaigh do Joe Biden cé na haidhmeanna cogaíochta agus cén straitéis chogaíochta a bheas acu in Gaza.

Dúirt sé go n-inseoidh siad do Joe Biden freisin cén aird a thabharfas a gcuid saighdiúirí ar chearta daonna agus iad ag tuile isteach san áit.

Maidir le cearta daonna, mhaígh Antony Blinken gur shocraigh na Meiricéanaigh agus na hIosraelaigh ar phlean a chur i dtoll a chéile lena chinntiú go dtabharfaí cabhair dhaonnúil do mhuintir Gaza sa dóigh nach mbainfeadh Hamas aon leas as.

Ní dúirt sé, áfach, cén chuma a bheadh ar an bplean, cén uair a chuirfí i dtoll a chéile é ná cén uair a chuirfí i bhfeidhm é.

Scuaine ag siopa, Cathair Gaza, 17 Deireadh Fómhair, 2023

Cheana féin, tá beagnach 3,000 Palaistíneach maraithe agus na mílte eile leonta in Gaza – sibhialtaigh a mbunáite – de bharr na buamála fíochmhaire atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar an limistéar le deich lá.

Tuairíscítear 49 duine a bheith maraithe nuair a scaoil na hIosraelaigh diúracáin le tithe i mbailte Khan Younis agus Rafah i ndeisceart Gaza aréir.

Tá sé ráite ag Aire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine nach ligfí do na hIosraelaigh coireanna cogaidh a dhéanamh in Gaza gan an deasca a bhaint astu.

Bhagair Hossein Amirabdollahian freisin go ndéanfaí "réamhionsaí" ar na hIosraelaigh "as seo go ceann roinnt uaireanta an chloig".

Más fíor, ní léir cad é go baileach a bhí i gceist aige – ar Hamas in Gaza nó Hezbollah sa Liobáin a dhéanfadh an t-ionsaí seo a raibh sé ag caint air, nó an dá dhream in éineacht.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ