skip to main content

Taisí Tina Satchwell atá sna cnámhiarsmaí a fuarthas in Eochaill

Tina Satchwell
Tina Satchwell

Tá sé dearbhaithe gur taisí Tina Satchwell atá sna cnámha daonna a fuarthas i dteach in Eochaill, Co Chorcaí, tráthnóna arú inné.

Deir na Gardaí go léiríonn taifid fiaclóireachta gurb í atá ann.

Tá sé tugtha le fios ag na Gardaí freisin go bhfuiltear fós ag fanacht le torthaí ó shamplaí DNA a tógadh ón gcnámharlach.

Bhí Tina Satchwell 45 bliain d'aois agus bhí sí ar iarraidh le sé bliana go leith.

Chonacthas í go deireanach in Eochaill i mí an Mhárta 2017 ach ní dúirt na Gardaí go dtí an tseachtain seo gur chreid siad gurbh amhlaidh a dúnmharaíodh í.

Bhí sí ina cónaí sa teach ar Shráid Grattan in Eochaill ina bhfuarthas a taisí.

Fuarthas cnámhiarsmaí Tina Satchwell ina teach ar Shráid Grattan in Eochaill

Gabhadh fear inné ar amhras gur dhúnmharaigh sé Tina Satchwell agus tá sé á cheistiú ó shin i Stáisiún Gardaí an Chóibh.

Caithfear é a chúiseamh nó a scaoileadh saor faoina 6 chlog tráthnóna inniu.

Tá an teach ar Shráid Grattan á chíorláil i gcónaí ag na Gardaí agus iad sa tóir ar thuilleadh fianaise i dtaca leis an gcás.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ