Tá cnámharlach daonna faighte ag na Gardaí ag teach in Eochaill, Co Chorcaí, agus dúnmharú mná 45 bliain d'aois á fhiosrú acu.
Tuigtear gur tráthnóna inné a fuarthas na cnámhiarsmaí ag teach Tina Satchwell ar Shráid Grattan ar an mbaile.
Chonacthas Tina Satchwell go deireanach in Eochaill i mí an Mhárta 2017 ach ní dúirt na Gardaí go dtí an tseachtain seo gur chreid siad gurbh amhlaidh a dúnmharaíodh í.
Bhí an teach agus gairdín an tí á gcuardach go mion ag na Gardaí ó thráthnóna arú inné.
Tá fear gafa acu ar amhras gur dhúnmharaigh sé í.
Tá fios curtha ag na Gardaí chomh maith ar an Leas-Phaiteolaí Stáit an Dr Margot Bolster agus ar an antraipeolaí dlí-eolaíochta an Dr Laureen Buckley.
Cuireadh an cuardach sa siúl tar éis do na Gardaí fear a ghabháil Dé Máirt beag seo ar amhras gur dhúnmharaigh sé Tina Satchwell.
Scaoileadh saor an fear tráthnóna inné.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ