Tá ós cionn trí mhíle go leith duine tar éis a n-ainmneacha a chuir le aighneacht ag achainí ar Chomhairle Chontae an Chláir culú ar phlean chun foirgneamh le árasáin agus oifigí a thógaint ar látharacha go bhfuil carr-chlóis iontu in Inis fé láthair.
Tá an plean conspóideach mar chuid do phlean forbartha atá ag Ennis 2040, fo-chumhlacht do chuid an Chomhairle Contae a bunaíodh I 2021 leis an fhaidhm breis fostaíochta agus infheistíochta a mhealladh go Inis.
Ach deir cuid do mhuintir bhaile na hInse agus lucht gnó an bhaile go mbainfidh an plean an bonn ó lucht gnó an bhaile mar go laghdóidh sé spásanna párcála do shiopadóirí agus do chuairteoirí.
Inné agus cruinniú míosúil an Chomhailre ar bun, do mháirseáil slua mór fé bhrat Save Ennis Town go oifigí an Chomhairle Contae chun na h-aighneachtaí a thabhairt ar láimh don gComhairle.

Dúirt John O'Connor ón ngrúpa Save Ennis Town go bhfuil muintir an bhaile go mór I gcoinne na bpleananna.
"Is droch-phlean é seo agus is cinneadh feallta é ar mhuintir an bhaile seo. Is cinneadh é atá ag dul I gcoinne toil an phobail agus níl sé sin ceart na cóir",a dúirt sé.
Deir an fo-chomhlacht atá I mbun an phlean ar son an Chomhairle Contae nách bhfuil aon bhunús le morán do ghearánta an phobail. Deir siad go léiríonn a staidéar go mbeidh go leor spásanna párcála sa bhaile, agus go meallfaidh an plean suas le 20,000 cuairteoir breise go hInis gach aon tseachtain.
Deir siadsan agus an Comhairle Contae go mbeidh proiséis comhairliúcháin poiblí ann roimh dheireadh na bliana seo sular raghfar ar aghaidh leis an bplean.