Tá Príomhoifigeach Airgeadais RTÉ Richard Collins éirithe as a phost.
I ráiteas, dhearbhaigh RTÉ go gcuideodh Richard Collins leis an eagraíocht an cúram a thabhairt ar láimh don té a thiocfas ina áit.
Dearbhaíodh freisin go raibh an próiseas earcaíochta curtha sa siúl cheana féin.
Gabhadh buíochas sa ráiteas le Richard Collins as an obair chrua a rinne sé ar son RTÉ ó ceapadh sa phost é trí bliana ó shin.
Tá easnamh mór airgid ar RTÉ faoi láthair ó tá cuid shuntasach den phobal ag diúltú ceadúnas teilifíse a cheannach i bhfianaise na conspóide faoi íocaíochtaí áirithe a tugadh don láithreoir Ryan Tubridy.
Inné, d'fhógair an tAire Meán Catherine Martin go dtabharfadh an Rialtas €16 milliún breise do RTÉ le caitheamh an bhliain seo chugainn.
Thug sí le fios go mbeadh aon mhaoiniú eile ina dhiaidh sin ag brath ar a mbeidh i bhfís nua straitéiseach RTÉ atá á dréachtú ag bainistíocht na heagraíochta faoi láthair.
An mhí seo caite, d'fhógair Priomh-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst go raibh cosc curtha ar earcaigh nua a thabhairt isteach san eagraíocht agus ar chaiteachas lánroghnach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ