Tá teach in Eochaill, Co Chorcaí, á chuardach go mion ag Gardaí mar chuid dá bhfiosrúchán faoi chás mná 45 bliain d'aois atá ar iarraidh le sé bliana go leith.
Tá siad ag baint leas as dhá mhiontochaltóir, scipe bruscair agus gearrthóir fásra agus iad i mbun an chuardaigh.
Chonacthas Tina Satchwell go deireanach in Eochaill i mí an Mhárta 2017 agus creideann na Gardaí anois gurbh amhlaidh a dúnmharaíodh í.
Tá fear sna caogaidí a bhí gafa ag na Gardaí faoin dúnmharú scaoilte saor acu tráthnóna.
Tá oifigeach caidrimh na nGardaí ag cur comhairle ar mhuintir na mná freisin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ