Tá ordú tugtha ag Aire Cosanta Iosrael Yoav Gallant go ndéanfaí léigear iomlán ar Stráice Gaza.
Tágann sé seo sna sála ar ionsaí a rinne Hamas gan choinne ar Iosrael Dé Sathairn agus trodaíocht ar bun ó shin. Tá roicéid á scaoileadh le hIosrael ó Ghaza agus pléascanna cloiste in Iarúsailéim.
Tá soláthairtí do bhia, uisce, breosla agus cumhacht aibhléise do Ghaza gearrtha i ndiaidh ionsaí Hamas.
Tá 1,300 duine ar a laghad maraithe sa choimhlint is déanaí seo idir Hamas agus Iosrael a thosaigh dhá lá ó shin.
Cuireadh tús leis an aighneas Dé Sathairn nuair a chuaigh míleataigh armtha de chuid Hamas trasna na teorainn as Gaza agus déanadh ionsaí gan choinne ar Iosraelaigh.
Maraíodh os cionn 700 Iosraelach, ina measc, 260 duine ag féile cheoil san Iosrael agus gortaíodh breis agus 2,000 duine in ionsaí an deireadh seachtaine.
Tuairiscítear go bhfuil suas le 560 tar éis bháis in Gaza in ionsaithe a rinne Iosrael ón aer mar dhíoltas agus tuigtear go bhfuil tuairim is 2,700 duine gortaithe i mbuamáil de chuid Iosrael.
Meastar go bhfuil tuairim is 100 Iosraelach tógtha ag Hamas mar ghialla.
Deir ulrabhaí ó Arm Iosrael go mbraitheann siad go bhfuil an t-ionsaí a rinne Hamas Dé Sathairn cosúil leis na hionsaithe 9/11 a tharla i Nua Eabhrac i Meán Fomhair 2001 agus dúirt duine eile go raibh sé cosúil leis an ionsaí a tharla ag Pearl Harbour.
Tá breis is 120,000 sibhialtach ón bPalaistín tar éis a gcuid tithe a fhágáil.
Tá Kim Damti, Éireannach-Iosraelach, atá 22 bliain d'aois fós ar iarraidh.
Fachtas í go deireanach maidin Dé Sathairn agus í i láthair ag an bhféile cheoil i ndeisceart Iosrael nuair a thosaigh ionsaí Hamas ar Iosrael.
Is as Port Laoise ó dhúchas dá máthair.
Tá €691 milliún euro i bhfóirithint go muintir na Pailistíne curtha ar fionraí ag an Aontas Eorpach.