Tá foireann rugbaí na hÉireann i ndiaidh áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais de Chorn an Domhain.
Fuair lucht leanúna imreoirí Andy Farrell luach saothair as a ndílseacht aréir agus iad mar fhinnéithe thall i St Denis i bPáras do bhua cuimsitheach eile sa chomórtas seo.
Ón tús, ní raibh an toradh in amhras, cén bhearna a bheadh ann ar deiridh sa Stade de France i dtuaisceart na príomhchathrach álainn seo an t-aon cheist a bhí ar bheola na nÉireannach.
Ar éigin Dé a bhí an cluiche faoi lán tseoil nuair a thrasnaigh James Lowe líne cúil na nAlbanach agus chuir na glasaigh 5-0 chun cinn.
Cé nár éirigh le Jonathon Sexton an t-úd a shlánú ina chic píonóis bhi eireaball na n-imreoirí san aer agus ba ghearr iad ag déanamh beag is fiú tuilleadh do chosaint na 'Scots'.
Scóráileadh úíd bhreátha eile agus faoi leath-am bhí an dá chois d'fhéadfá rá go raibh Éirinn sna babhtaí ceathrú ceannais.
26 pointe a bhí acu ar chlár na scór, gan an ceann fhéin ag Albain.
Fiú má d'éirigh leis na hAlbanaigh 2 úd a scóráil agus iad a shlánú dá réir sa dara leath ní raibh na hÉireannaigh le sárú agus bhuaigh ar deiridh 36-14.
Fágann an bua seo Éirinn ag buachan Phúil B.
Tá chuile chluiche (4) buaite acu sa chomórtas anois.
7 n-uaire cheana a bhíomar sa chluiche ceathrú ceannais de Chorn Webb Ellis, 7 n-uaire cheana gearradh na cosa dhínn.
An mbeidh an scéal difriúil againn i gCraobh an Domhain 2023.
Neosfaidh an aimsir faoi cheann 6 lá agus All Blacks na Nua Shéalainne ag seasamh eadrainn féin agus áit sna babhtaí leathcheannais.