Tá Duais Nobel na Síochána bronnta ar Narges Mohammadi, duine feachtais ar son chearta na mban, atá sa phríosún san Iaráin faoi láthair.
Deir eagraíocht ar son chearta an duine, Front Line Defenders, go bhfuil dhá bhliain déag príosúin gearrtha uirthi, as "bolscaireacht i gcoinne an stáit a scaipeadh".
Tá an coiste a roghnaigh buaiteoir Duais Nobel na Síochána i ndiaidh iarraidh ar Tehran Narges Mohammadi a scaoileadh saor. Tuigtear gur iarratas é sin a chuirfidh fearg ar Tehran.
Tá Narges Mohammadi ar dhuine de na mná feachtais is aitheanta san Iaráin. Tá go leor oibre déanta aici ar son chearta na mban agus ar son deireadh a chur leis an bpionós báis.
Rinne lucht eagraithe Duais Nobel na Síochána cur síos uirthi mar "throdaí na saoirse".
Thug siad aitheantas freisin do na céadta míle duine san Iaráin atá tar éis iad féin a chur i mbaol, ag dul amach i mbun agóide maidir leis an gcos ar bolg i gcoinne mhná na tíre sin.