Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine a maraíodh inné san Úcráin nuair a phléasc diúracán ollmhór a bhí scaoilte ag fórsaí Rúiseacha le sráidbhaile in oirthear na hÚcráine. Tuairiscíodh aréir gur maraíodh 51 duine – páiste sé bliana d'aois ina measc. Ach i ndiaidh do dhuine amháin eile bás a fháil thar oíche san ospidéal, 52 in iomlán atá caillte de bharr an ionsaithe.
"Tá go leor daoine a gortaíodh san ionsaí fós san ospidéal", a dúirt Oleh Synehubov, gobhonóir an réigiúin inar tharla an eachtra, "agus tá drochbhail ar chuid mhór acu."
Bhí na daoine tagtha le chéile le haghaidh tórraimh a bhí ar siúl i gcaife i sráidbhaile Hroza nuair a phléasc an diúracán gan aon fhógra.
Is in Oblast Kharkiv gar don teorainn leis an Rúis atá an sráidbhaile a bhfuil thart ar 300 duine ina gcónaí ann.
Tá sé ina chogadh craorag idir na hÚcránaigh agus na Rúisigh sa réigiún sin agus níl Hroza ach 30 ciliméadar ó bhrollach an chatha.
Tá trí lá dobhróin fógartha sa réigiún.
Meastar gur diúracán den déanamh Iskander a scaoil na Rúisigh leis an áit. Sin diúracán balaistíoch tréanphléascach atá 7.3 méadar ar a fhad.
Tá sé seo ar cheann amháin de na hionsaithe is mó inar maraíodh sibhialtaigh ó thús an chogaidh.
Tá sé séanta ag an Rúis gur dhírigh siad an t-ionsaí ar shibhialtaigh den ghnó.
Ionsaí Diúracháin eile
In ionsaí diúracáin eile a rinne na Rúisigh ar fhoirgnimh chónaithe in oirthear Kharkiv, maraíodh buachaill óg, deich mbliana d'aois agus gortaíodh 23 duine, leanbh aon mhí dhéag d'aois ina measc.
Tuairiscítear freisin gur maraíodh beirt mar gheall ar ionsaí airtléire a rinne na Rúisigh ar chathair Kherson i ndeisceart na hÚcráine.
Ar an taobh eile den teorainn, tá sé á thuairisciú ag na Rúisigh go bhfuil cnuasbhuamaí scaoilte ag fórsaí na hÚcráine le baile mór sa Rúis.
Gortaíodh duine amháin agus rinneadh damáiste d'fhoirgnimh san ionsaí a rinneadh ar bhaile Rylsk atá 30 ciliméadar ón teorainn idir an dá thír, a deir na Rúisigh.