Tuairiscítear gur maraíodh leathchéad duine ar a laghad – páiste sé bliana d'aois ina measc – nuair a phléasc diúracán ollmhór a bhí scaoilte ag fórsaí Rúiseacha le sráidbhaile in oirthear na hÚcráine ar maidin inniu.
Bhí na daoine tagtha le chéile le haghaidh tórraimh a bhí ar siúl i gcaife i sráidbhaile Hroza nuair a phléasc an diúracán gan aon fhógra.
Is in Oblast Kharkiv gar don teorainn leis an Rúis atá an sráidbhaile a bhfuil thart ar 300 duine ina gcónaí ann.
Tá sé ina chogadh craorag idir na hÚcránaigh agus na Rúisigh sa réigiún sin agus níl Hroza ach 30 ciliméadar ó bhrollach an chatha.
Meastar gur diúracán den déanamh Iskander a scaoil na Rúisigh leis an áit. Sin diúracán balaistíoch tréanphléascach atá 7.3 méadar ar a fhad.
Tuairiscítear freisin gur maraíodh beirt mar gheall ar ionsaí airtléire a rinne na Rúisigh ar chathair Kherson i ndeisceart na hÚcráine.
Ar an taobh eile den teorainn, tá sé á thuairisciú ag na Rúisigh go bhfuil cnuasbhuamaí scaoilte ag fórsaí na hÚcráine le baile mór sa Rúis.
Gortaíodh duine amháin agus rinneadh damáiste d'fhoirgnimh san ionsaí a rinneadh ar bhaile Rylsk atá 30 ciliméadar ón teorainn idir an dá thír, a deir na Rúisigh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ