skip to main content

Stardust: 'leath de na coirp faighte in aice le doirse éalaithe'

I gCúirt Chróinéara Dhúiche Bhaile Átha Cliath atá an t-ionchoisne ar siúl
I gCúirt Chróinéara Dhúiche Bhaile Átha Cliath atá an t-ionchoisne ar siúl

Fuarthas os cionn fiche corp in aice le doirse éalaithe i ndiaidh an dóiteáin mhóir a bhí i gclub oíche an Stardust inar maraíodh 48 duine óg, a dúradh ag an ionchoisne inniu.

I gCúirt Chróinéara Dhúiche Bhaile Átha Cliath, taispeánadh léaráid don choiste cróinéara de gach ball den chlub oíche ina bhfuarthas na coirp.

De réir na léaráide, is in aice le trí dhoras éalaithe a fuarthas a leath acu.

Dúirt an cróinéir, an Dr Myra Cullinane, leis an gcoiste gur "cáipéis léanmhar" a bhí sa léaráid.

Ghlac sí leis chomh maith, arsa sí, go ngoillfeadh sé ar theaghlaigh na marbh a leithéid a bheith curtha os a gcomhair.

Inniu an séú lá ag bainisteoir an Stardust Éamon Butterly fianaise a thabhairt ag an ionchoisne.

Éamon Butterly

Tá Éamon Butterly á cheistiú ag dlíodóirí na dteaghlach agus d'fhiafraigh an t-abhcóide Des Fahy de nárbh fhíor a rá gur bhásaigh na daoine a bhí bailithe thart ar na doirse éalaithe de bharr go raibh glas ar na doirse sin.

"Séanaimse nach fíor sin", a dúirt Éamon Butterly.

Nuair a fiafraíodh de an raibh aon mhíniú eile aige ar an scéal, dúirt Éamon Butterly go raibh an áit lán deataigh, go raibh na soilse múchta agus go raibh gach duine líonraithe.

"Ní raibh a fhios acu cá raibh siad", arsa sé.

Dúirt sé freisin nár chruthaigh an léaráid go raibh glas ar na doirse.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ