Is in Éirinn agus sa Bhreatain a chomhreáchtálfar craobhchomórtas sacair Euro 2028 ó tharla nach bhfuil aon tíortha eile san iomaíocht níos mó.
Bhí a gcomhiarratas féin déanta ag an Tuirc agus an Iodáil ach tugadh le fios ar maidin inniu go raibh an Tuirc tar éis tarraingt amach as an bpróiseas.
Fágann sin nach bhfuil fanta ach comhiarratas na hÉireann agus na Breataine agus glactar leis go bhfógrófar go hoifigiúil gan mhoill gur sa dá thír sin, cheal aon rogha, a reáchtálfar an comórtas.
Tuigtear gur Dé Máirt seo chugainn, nuair a thiocfas coiste feidhmiúcháin Aontas Chumainn Sacair na hEorpa (UEFA) le chéile san Eilvéis, a fhógrófar an scéal.
I ráiteas, dúirt UEFA cé nach bhfuil aon iomaíocht ann níos mó go mbeidh an cur i láthair a dhéanfas Cumann Peile na hÉireann agus trí chumann peile na Breataine os comhair an choiste ar an Máirt, go mbeidh sé sin an-tábhachtach fós.
Dúirt Cumann Peile na hÉireann go raibh siad ag súil go mór leis an gcur i láthair a dhéanamh.
Tá dhá pháirc imeartha sa tír seo luaite i gcomhiarratas na hÉireann agus na Breataine, mar atá, Staid Aviva i mBaile Átha Cliath agus Páirc Mhic Easmainn / Páirc Mhic Ásmaint i mBéal Feirste.
Tá beagán éiginnteachta ag baint le Páirc Mhic Easmainn, áfach, ó tá moill curtha go minic ar an obair mhór athfhorbartha atáthar ceaptha a dhéanamh ar an áit.
Mar sin féin, táthar dóchasach go mbeidh an staid úr tógtha faoi 2025 nó 2026.
Thug Rialtas na hÉireann le fios anuraidh gur luach €361 milliún an sochar eacnamaíochta a bhainfí as cluichí Euro 2028 a imirt sa tír seo.
Is i gCaerdydd, Dún Éideann, Birmingham, Learpholl, Londain, Manchain agus Newcastle a imreofar na cluichí eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ