Tá gníomhaíocht thionsclaíoch ar bun ó mhaidin ag Gardaí ar baill iad de Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána.
Baineann an scéal le huainchláir nua a dteastaíonn ó Choimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris a gcur i bhfeidhm ón 6 Samhain ach nach bhfuil an chuid is mó de ghnáthGhardaí sásta leo.
Teastaíonn ó ghnáthGhardaí na huainchláir a tugadh isteach i dtús na paindéime a choinneáil.
Cheal comhréitigh, ní dhéanfaidh gnáthGhardaí ragobair dheonach inniu ná aon Dé Máirt eile i gcaitheamh na míosa seo, lá an Bhuiséid agus Oíche Shamhna san áireamh.
Táthar ag brath ar ragobair dheonach leis an easpa Gardaí i rannáin ar fud an Stáit a chúiteamh, áfach.
Deir an dá thaobh go bhfuil siad sásta dul i mbun margála sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ach is mian leis na gnáthGhardaí an Coimisinéir Harris lá an chaighdeáin le haghaidh na n-uainchlár nua a chur siar sula nglacfaidh siad páirt i gcomhráite.
Tá sé fógartha acu freisin go rachaidh siad ar stailc ar an 10 Samhain mura réiteofar an cheist idir dhá linn.
De réir na n-uainchlár atá ann faoi láthair, déanann Gardaí ceithre sheal oibre dhá uair an chloig déag as a chéile agus bíonn ceithre lá saor acu as a chéile ina dhiaidh sin.
Faoin uainchlár atá ar intinn ag Drew Harris, ámh, dhéanfadh Gardaí sé sheal deich n-uaire an chloig as a chéile agus bheadh ceithre lá saor acu as a chéile ina dhiaidh sin.
D'iarr na gnáthGhardaí ar an Rialtas idirghabháil a dhéanamh san aighneas ach thug an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee le fios nach dá gnó cúrsaí caidrimh thionsclaíoch sa Gharda Síochána.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ