Tugadh fear 50 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Loch Garman inniu agus é cúisithe maidir leis an lear mór cócaoin a fuarthas ar lastlong amach ó chósta Chorcaí an tseachtain seo caite.
Sin é Soheil Jelveh, ar de bhunadh na hIaráine é agus a ndúradh faoi sa chúirt gurb é captaen na loinge é.
Ghabh fianóglaigh ón Arm seilbh ar an long – an MV Matthew – le lámh láidir Dé Máirt seo caite.
Trí chion atá curtha i leith Soheil Jelveh, mar atá, cócaon a iompórtáil; cócaon a bheith ina sheilbh aige; agus rún a bheith aige cócaon a dhíol nó a sholáthar.
Dúirt an Bleachtaire-Gharda Liam Mangan sa chúirt gur ghabh sé Soheil Jelveh i Stáisiún Gardaí Loch Garman tráthnóna inné.
Thug an Garda Mangan le fios freisin nach ndúirt Soheil Jelveh aon rud nuair a cúisíodh é sna trí chion.
Rinne aturnae an chúisí iarratas ar bhannaí ach chuir na Gardaí ina aghaidh.
Mhaígh an t-aturnae, Lana Doherty, go raibh a cliant ina chaptaen loinge le breis agus fiche bliain agus nach raibh baint aige riamh le haon rud mídhleathach.
Dhiúltaigh an Breitheamh John Cheatle an t-iarratas ar bhannaí ar an mbonn go raibh na cúisimh a bhí curtha i leith Soheil Jelveh chomh tromchúiseach sin agus – ina cheann sin – go raibh an ceangal a bhí aige leis an tír seo an-scaoilte.
Dúradh go bhfuil a theaghlach ina gcónaí in Dubai.
D'ordaigh an breitheamh Soheil Jelveh a chur siar faoi choinneáil go ceann seachtaine.
D'iarr a aturnae go dtabharfaí cosaint dó sa phríosún.
Tá Soheil Jelveh ar an tríú duine a cúisíodh go dtí seo maidir leis an scéal.

Dé hAoine seo caite, tugadh os comhair cúirte i bPort Láirge Jamie Harbron, 31 bliain, as Stockton-on-Tees i Sasana agus Vitaliy Lapa, 60 bliain, as an Úcráin faoi rún a bheith acu cócaon a iompórtáil.
Tugadh os comhair Chúirt Dúiche Loch Garman iad ar nasc físe inniu agus cuireadh siar faoi choinneáil iad go ceann coicíse.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ