Níl ach beagán faoi bhun seachtaine anois sula dtugann Éirinn aghaidh ar Albain, ceann dena cluichí deiridh i bPúl B.
Má chloínn Albain Éirinn agus méid áirithe pointí le spáráil acu beidh Éirinn amuigh as comórtas Chraobh an Domhain.
84-0 an scór deiridh a bhí ann, Albain ag scóráil leath a bpointí sa chéad leath agus an leath eile scórála ag teacht i ndiaidh an bhrisidh.
Scóráil Albain 12 úd ar fad agus slánaíodh gach aon cheann díobh a bhuiochas de thalann Ben Healy a chiceáil na pointí slánaithe ar fad.
Mar bharr ar gach ní, nár éirigh leis féin úd a scóráil freisin rud a chiallaigh gur ghnóthaigh sé 29 pointe ar fad sa chluiche seo a himríodh ag Stade Pierre Mauroy i Lille.
Bhí Darcy Graham é féin go maith os cionn a bhuille aréir, 4 úd a scóráil seisean.
Bhí 13 athrú ar fhoireann na hAlban óna gcluiche le Tonga Dé Domhnaigh seo caite mar gur thug an bhainistíocht scíth do chuid mhaith imreoirí, á gcoinneáil don chluiche mór an deireadh seachtaine seo chugainn in aghaidh na hÉireann.
Maidir le seasamh na bhfóirne éagsúla anois i bPúl B fágann an toradh seo Albain ar 10 bpointe,gob ar ghob leis an Afraic Theas.
Tá an 2 thír sin go láidir fós san iomaíocht d'áit a bhaint amach sna cluichí ceathrú ceannais maraon le buachaillí Andy Farrell ar ndóigh;Éirinn, atá ar bharr an ghrúpa ar 14 pointe.
Imreoidh na curaithe domhanda, an Afraic Theas i gcoinne Tonga i Marseilles níos deireanaí inniu agus deis acusan dul go barr an tábla má éiríonn leo pointe bónais a ghnóthú as an chluiche sin.
Beidh aird chuid mhór ar chluiche na hÉireann le hAlbain Dé Sathairn seo chugainn áfach.
Má bhuann Albain ar Éirinn, ag piocadh suas pointe bónais chomh maith, nó má shéanann siad pointe bónais ar na hÉireannaigh, is iadsan a rachaidh chun cinn chuig staid an cheathrú ceannais de Chorn Webb Ellis.
Ag glacadh leis go mbuann an Afraic Theas a gcluiche deiridh inniu, agus má bhuann Albain a gcluiche deiridh, d'fhágfadh sin go gcaithfeadh Éirinn slán a rá le Craobh an Domhain don bhliain seo ainneoin an bharúíl a bhí dóibh agus an stádas idirnáisiúnta atá acu.
Anois d'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh 3 thír (Éirinn,Albain, An Afraic Theas) ar 14 nó 15 pointe ach a mbeidh na cluichí ar fad imeartha i bPúl B.
Ar dhifríocht scórála ansin a shocrófaí ord fiúntais na bhfóirne maidir leis an gcéad 2 áit sa ghrúpa áirithe sin.
Maidir le tíortha a bheadh sa dara agus sa triú háit, chinnfí an t-ord fiúntas sa chás sin ag braith ar cé a bhuaigh an cluiche eatarthu sa ghrúpa.
Dá bhrí sin má chríochnaíonn Éirinn ar bharr an tábla, rachaidh an Afraic Theas chun cinn in éineacht leo mar gur bhuail siadsan Albain.
Más iad an Afraic Theas a chríochnaíonn ar bharr an ghrúpa, is iad Albain a rachaidh leosan chuig na cluichí ceannais os rud é gur bhuail siadsan Éirinn.
Agus más iad Albain a bhaineann amach an phríomháit sa ghrúpa,rachaidh Éirinn chun cinn sa dara háit ó bhuail siadsan an Afraic Theas.
Beidh ár gcroíthe inár mbéil do chluiche an tSathairn agus muid ag súil gurb iad Éirinn a thabharfaidh leo an sway agus isteach leo sa chluiche ceathrú ceannais mar bhuaiteoirí an ghrúpa.
Neosfaidh an aimsir.