Tá duine de na báireoirí is aitheanta sa tír, DJ Carey as Cill Chainnigh, tugtha os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath ar chúiseanna a bhaineann le calaois agus brionnú.
Gabhadh DJ Carey, atá 52 bliain d'aois, de réir réamhchoinne i mBaile Átha Cliath ar maidin inniu agus thug Gardaí as Port Láirge os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir ina dhiaidh sin é.
Tá 21 cion san iomlán maidir le calaois agus brionnú curtha i leith an iarbháireora.
Líomhnaítear gur mheall DJ Carey airgead ó dhaoine idir 2014 agus 2022 nuair a mhaígh sé go calaoiseach go raibh ailse air agus go raibh an t-airgead uaidh le go gcuirfí cóir leighis air.
Cuirtear ina leith freisin gur chuir sé ábhar bréige ar fáil ar dhá ócáid éagsúla le dúil cur ina luí ar dhuine beart a dhéanamh de réir a raibh ann.
Líomhnaítear gur chuir sé cluain ar 25 duine san iomlán.
D'ordaigh an Breitheamh John O'Leary sa chúirt inniu DJ Carey a chur ar a thriail i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath ar an 3 Samhain.
D'ordaigh an Breitheamh O'Leary don chúisí gan baint d'aon fhinné sa chás ná d'aon duine a d'fhéadfadh a bheith ina fhinné.
D'ordaigh an breitheamh dó freisin scéal a chur chuig na Gardaí dá mbeadh sé le dul thar lear faoi choinne oibre.
Thug an breitheamh le fios nach raibh ioncam dá laghad ag DJ Carey agus cheadaigh sé saorchúnamh dlí a lamháil dó.
Bhuaigh DJ Carey cúig bhonn Uile-Éireann le Cill Chainnigh agus aithnítear é mar dhuine de na hiománaithe is deaslámhaí riamh.
D'éirigh sé as an iománaíocht idirchontae in 2006.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ