skip to main content

"Saghas éigin neamhspleáchais" don Chorsaic á mholadh ag Macron

Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, ag labhairt i dTionól na Corsaice innu
Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, ag labhairt i dTionól na Corsaice innu

Tá sé molta ag Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron "saghas éigin neamhspleáchais" a lamháil don Chorsaic.

Ag labhairt dó i dTionól na Corsaice in Aiaccu, thug an tUachtarán Macron le fios gur chuid den Fhrainc a bheadh sa Chorsaic i gcónaí faoin "saghas éigin neamhspleáchais" a bhí i gceist aige.

Mar sin féin, arsa sé, ba mhór an fhaillí rudaí a fhágáil mar atá siad.

Náisiúnaithe den uile chineál is ea formhór na bhfeisirí i dTionól na Corsaice.

Tá stádas theanga na Corsaicise ar cheann de na ceisteanna móra atá ag déanamh imní dóibh, chomh maith le talamh a bheith á cheannach ar an mórchóir ag eachtrannaigh.

Thug Stát na Fraince cluas bhodhar nó alabhodhar riamh dóibh, áfach, i dtaca leis an dá cheist seo.

Ag foghlaim Corsaicise i mbunscoil in Aiaccu

Chuaigh roinnt náisiúnaithe i muinín an fhornirt ag amanna éagsúla ó na 1950í, tráth a fuair go leor tíortha eile neamhspleáchas ón bhFrainc, ach cur chuige éadairbheach a bhí riamh ann.

Dúirt spéicéir Thionól na Corsaice Marie Antoinette Maupertuis inniu gur den riachtanas é an Chorsaic a bheith neamhspleách.

Creideann daoine óga sa Chorsaic, arsa sí, go ndearna na Francaigh foghail ar an tír agus go bhfuil siadsan as seilbh dá n-éis.

D'iarr an tUachtarán Macron ar pholaiteoirí sa Chorsaic agus i Rialtas na Fraince dlí nua a dhréachtú i gcomhar le chéile as seo go ceann sé mhí le dúil stádas bunreachtúil na Corsaice a leasú.

"Ní chuirfear aon srianta leis an bplé seo, ní chaithfear ach a bheith dílis d'idéil na poblachta", arsa Emmanuel Macron.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ