Tá seachtar fear á gceistiú ag na Gardaí maidir leis an bhfoiscealach cócaoin a fuarthas ar lastlong amach ó chósta Chorcaí arú inné.
Áirítear 2.2 tonna agus luach €157 milliún a bheith sa chócaon a fuarthas ar an MV Matthew tar éis d'fhianóglaigh Éireann seilbh a ghabháil uirthi le lámh láidir.
Bhí iarracht déanta roimhe sin ag lucht stiúrtha na loinge ar chor a thabhairt do na húdaráis ach stopadh an long sular bhain sí uiscí idirnáisiúnta amach.
Bhí 25 duine ar bord na loinge nuair a gabhadh seilbh uirthi agus tá triúr acusan – fear de bhunadh na hIaráine agus beirt ón Úcráin – tá siad i measc an tseachtair atá á gceistiú ag na Gardaí.
Tuigtear go bhfuil na Gardaí ag labhairt leis an gcuid eile den chriú freisin.
Tá an MV Matthew gaibhnithe agus feistithe le cé i gCorcaigh faoi láthair agus tá scrúdú fóiréinseach le déanamh uirithi as seo go ceann cúpla lá.
Tá triúr fear eile á gceistiú ag na Gardaí i stáisiúin éagsúla i Loch Garman.
Fear eile de bhunadh na hIaráine, fear ón Úcráin agus Sasanach atá sa triúr sin agus tá síneadh curtha lena dtréimhse choinneála ó gabhadh iad an chéad lá.
Bhí an triúr ar thrálaer a chuaigh ar oitir amach ó chósta Loch Garman tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite agus gabhadh iad tar éis do na seirbhísí tarrthála a dtabhairt i dtír.
Tá an trálaer ina suí ar an oitir i gcónaí agus tá súil ag na húdaráis í a chuardach a luaithe a bheas an fharraige ina báinté.
Measann na Gardaí faoi láthair nach bhfuil aon drugaí ar an trálaer.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ