skip to main content

Luach €157 milliún i bhfoiscealach cócaoin a fuarthas ar lastlong

2.2 tonna de chócaon a fuarthas ar an MV Matthew
2.2 tonna de chócaon a fuarthas ar an MV Matthew

Meastar luach €157 milliún a bheith sa lear mór cócaoin a fuarthas ar lastlong ar ghabh na húdaráis seilbh uirthi le lámh láidir amach ó chósta Chorcaí inné.

Ag preasócáid ar maidin inniu, dúirt Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána Justin Kelly gur 2.2 tonna de chócaon a fuarthas ar an MV Matthew agus gurbh é an lear drugaí ba mhó de réir meáchain a fuarthas riamh sa Stát é.

Creideann na Gardaí gur le cairtéal drugaí as Meiriceá Theas an cócaon ach níl mórán eile ráite acu faoin gcuid sin den scéal fós.

Chuaigh Gardaí, comhaltaí den tSeirbhís Chabhlaigh agus fianóglaigh ón Arm, chuaigh siad ar bord na loinge sa Mhuir Cheilteach inné nuair nár ghlac an criú le treoir uathu.

Tá an long gaibhnithe i gCalafort Chorcaí anois agus táthar lena cíoradh as seo go ceann roinnt laethanta le súil go mb'fhéidir go n-aimseofaí tuilleadh drugaí i bhfolach i gcaochóga ar a fud.

Is as Meiriceá Theas a sheol an long an chéad lá agus is i bPanama atá sí cláraithe.

Bhí an tSeirbhís Chabhlaigh i gcomhar leis na Gardaí ag coinneáil súil uirthi le tamall agus iad in amhras go raibh sí ag iompar drugaí, go háirithe ó thosaigh sí ag síománaíocht thart ar imeallbhord na hÉireann.

An MV Matthew ag guairdeall thart ar an gcósta theas

Creideann na Gardaí go raibh an criú le foiscealach cócaoin a aistriú ón long go trálaer amach ó chósta Loch Garman an deireadh seachtaine seo caite.

Ar an drochuair dóibhsean, áfach, chuaigh an trálaer ar oitir tráthnóna Dé Domhnaigh.

Tá an trálaer fós ina suí ar an oitir thart ar dhá chiliméadar déag ó thuaidh ó Ros Láir agus ní féidir í a bhogadh agus an fharraige fós ina cóch.

Tugadh slán ar héileacaptar tarrthála an bheirt fhear a bhí ar bord an trálaeir.

Ghabh na Gardaí na fir nuair a tugadh i dtír iad agus tá siad á gceistiú acu ó shin.

Sasanach is ea duine acu agus is as oirthear na hEorpa an duine eile.

Tá fear de bhunadh na hIaráine a bhí ar an lastlong gafa agus á cheistiú ag na Gardaí freisin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ