Áirítear scór ar a laghad a bheith maraithe agus na céadta duine a bheith gortaithe mar gheall ar phléasc mhór a tharla inné in iosta breosla gar do chathair Stepanakert in Nagorno-Karabakh, nó Artsakh mar a thugann na hAirméanaigh ar an réigiún.

Tuairiscítear gur tugadh trí chéad duine chuig ospidéil éagsúla sa réigiún de bharr na pléisce agus deirtear go bhfuil na dosaein acu an-dona tinn.

Ghabh fórsaí armtha ón Asarbaiseáin seilbh seachtain ó shin ar Nagorno-Karabakh, ar iamhchríoch Airméanach í go nuige sin, agus deirtear gur maraíodh 200 duine sa chogaíocht.

Bhí an réigiún nach mór faoi léigear ag na hAsaraigh ar feadh naoi mí roimhe sin agus bhí muintir na háite ar an ngannchuid dá bhíthin ar aon chuma.

Teifigh Airméanacha ó Nagorno-Karabakh ar a mbealach go dtí Poblacht na hAirméine

Ina dhiaidh sin féin, deir Rialtas na hAsarbaiseáine go bhfuil soláthairtí leighis curtha acu go dtí Stepanakert d'fhonn cuidiú leis na daoine a gortaíodh sa phléasc.

Tá dochtúirí curtha chun na háite ag Rialtas Phoblacht na hAirméine freisin.

Meastar go bhfuil os cionn 13,000 Airméanach tar éis teitheadh óna mbailte in Nagorno-Karabakh ó fuair na hAsaraigh greim ar an réigiún an tseachtain seo caite.

Tá cuid mhór de na teifigh lonnaithe go fóill i mbaile Goris ar an teorainn idir Nagorno-Karabakh agus an Airméin.

Níl a dhath eile ag a lán díobh ach a gcuid mangaisíní agus níl an dara rogha acu ach codladh amuigh nó ina ngluaisteáin.

Bró gluaisteán teifeach i mbaile Goris

Maidir leis na hAirméanaigh a bhfuil rún acu fanacht in Nagorno-Karabakh, tá sé geallta ag na hAsaraigh go gcaithfear go cothrom leo nuair a chomhshamhlófar an réigiún leis an Asarbaiseáin.

Tá ionadaithe ó Rialtas na hAsarbaiseáine agus Rialtas Phoblacht na hAirméine leis an scéal a chíoradh sa Bhruiséil inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ