skip to main content

Na hÉireannaigh ag ceilúradh i bPáras

Bua tábhachtach ag Éirinn
Bua tábhachtach ag Éirinn

Tá údar ceiliúrtha ag lucht leanúna fhoireann rugbaí na hÉireann anocht i ndiaidh d'imreoirí Andy Farrell an ceann is fearr a fháil ar churaithe an domhain i bPáras.

Bhí 5 phointe le spáráil acu ar an Afraic Theas i gcluiche crua teann sa Stade de France.

13-8 an scór deiridh sa gcluiche seo i bPúl B.

Bundee Aki ag dul ar an ionsaí

B'fhéidir nach bhfacthas mórán pointí ar chlár na scór ach bhuaigh Éirinn cluiche nach raibh éasca dóibh.

Tá céim mhór tógtha anois ag na himreoirí seo agus cosúlacht mhaith orthu go ngabhfaidh siad an bealach ar fad chuig an chluiche ceannais.

Úd amháin a scóráil ceachtar taobh,Mack Hansen duine de laochra na hÉireann ar an oíche. a leag an liathróid anuas laistiar de líne cúil an Springbok.

Ba é Jack Crowley a chinntigh an bua do na hÉireannaigh le cic píonóis ach bhí ar a gcuid cosantóirí ansin éacht a dhéanamh leis na Boks a choinneáil amach óna líne cúil.

Ach rinne siad sin ag cinntiú bua tábhachtach siceolaíoch d'Éirinn, a dtriú bua as a chéile sa chomórtas seo agus iad ag dréim anois le ceann eile faoi cheann coicíse in aghaidh na hAlban.

Príomh-chóitseálaí na hAfraice Theas, Jacques Nienaber

Is mór an seans gurb iad na All Blacks a bheidh in aghaidh na hÉireann sa chluiche ceathrú ceannais, mura n-éiríonn leis na hIodálaigh na cosa a thabhairt leo agus cáiliú sa dara háit as Púl A.

Pé ní a tharlaíonn ta bagairt mhór tagtha ó fhoireann na hÉireann anocht agus ní dócha go mbeidh aon ró-imní orthu maidir le cé a chasfaidh orthu sna babhtaí díbeartha den chomórtas seo atá ar siúl sa Fhrainc.

Maidir leis an Afraic Theas dhe, deir a bpríomh-chóitseálai,Jacques Nienaber go gcreideann sé i gcónaí nach n-athraíonn an toradh seo faic agus gur leis an Springbok Corn an Domhain arís an babhta seo.

Mhol sé foireann na hÉireann as a mbua agus cé gur chaill an Afraic Theas roinnt seansanna dúirt Nienaber nár fhéad sé a bheith taobh le leithscéalta mar gur chruthaigh Éirinn iad féin mar an fhoireann ab fhearr ar an oíche.

Níorbh aon chabhair é don Afraic Theas cinnte gur chaill siad seansanna 3phointe ar an oíche, go háirithe ó bhróga Manie Libbok agus Faf de Klerk.

'Ach tá Tonga romhainn anois faoi cheann 8 lá' a deir Nienaber, 'is orthu sin a bheidh ár n-aird dírithe chun teacht amach as an ghrúpa agus dul chomh fada le staid na gcluichí ceathrú ceannais.

Aontaíonn captaein na hAfraice Theas,Siya Kolisi cuid mhór le briathra an chóitseálaí ag rá gur chaill na Boks an cluiche a bhuíochas dá siléigeacht

Ba í cailliúint an chluiche seo don Afraic Theas an chéad uair dóibh teipeadh ag Craobh an Domhain ón 21Meán Fómhair 2019, tráth ar chloígh an Nua Shéalainn iad sa chéad chluiche de Chomórtas an Webb Ellis i Yokohama sa tSeapáin.

Is i Marseille Dé Domhnaigh seo chugainn a imreoidh an Afraic Theas i gcoinne Tonga, a gcluiche deiridh i bPúl B.

Imreoidh Éirinn i gcoinne na hAlban ina gcluiche deiridh siúd ar an Satharn, an 7ú Deireadh Fómhair, sa Stade de France i bPáras.