Adhlacadh an scoláire aitheanta Breandán Ó Doibhlin inniu.
Bhí Aifreann na sochraide á cheiliúradh i Má Nuat agus cuireadh ina dhiaidh sin é i gCo.Thír Eoghain.
Bhí Breandán Ó Doibhlin 92 bliain d'aois.
Scoláire mór Gaeilge agus Fraincise ab ea é.
Ollamh le Nua-Theangacha i gColáiste Phádraig, Má Nuad, a bhí ann ó 1958 go 1996 agus bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an gcoláiste ó 1979 go 1982.
Ba i Rúscaigh, Co Thír Eoghain, i 1931 a rugadh an Doibhlineach agus ba i gColáiste Cholm Cille i nDoire a fuair sé meánscolaíocht.
Fuair sé ollscolaíocht i Má Nuad, sa Róimh agus sa Sorbonne i bPáras.
Recteur ar Choláiste na nÉireannach i bPáras ó 1984, agus Rúnaí-Ginearálta ar an Fondation Irlandaise ansin ó 1991 go 2001.
Úrscéalaí, drámadóir, criticeoir liteartha, aistritheoir agus foclóirí.
D'aistrigh Leabhar Íseáia Fáidh ón Eabhrais go Gaeilge do Bhíobla Mhá Nuad. Eagarthóir agus príomhaistritheoir (ón bhFraincis) ar Chaiticiosma na hEaglaise Caitlicí.
D'aistrigh go Gaeilge Rabelais, Montaigne, Pascal, La Fontaine, Saint-Exupéry, Charles Péguy, Georges Bernanos, mar aon le duanaire d'fhilíocht liriciúil na Fraincise.
Scríobh Manuail de Litríocht na Gaeilge i sé imleabhar. Bhronn Poblacht na Fraince de ghradam air Chevalier de l'Ordre National du Mérite in 1979, agus Officier de la Légion d'Honneur in 2001 as a shaothar ar son caidreamh cultúrtha idir an Fhrainc agus Éire. Rinneadh Pearsa den Teaghlach Pápúil de in 1997.
Úrscéalaí, drámadóir, criticeoir liteartha, aistritheoir agus foclóirí ab ea Breandán Ó Doibhlin.
Scríobh sé trí úrscéal Gaeilge, mar atá, Néal Maidine agus Tine Oíche (1964), An Branar gan Cur (1979) agus Sliocht ar Thír na Scáth (2018).
I sraith alt a foilsíodh in Irisleabhar Mhá Nuad sna 1960í, bhain sé fónamh as modhanna criticeoireachta Fhrainciseoirí an nouvelle critique – leithéidí Roland Barthes – le scríbhneoirí nua-aoiseacha na Gaeilge a léirmheas.
D'aistrigh sé Leabhar Íseáia Fáidh ón Eabhrais go Gaeilge le haghaidh Bhíobla Mhá Nuad, agus bhí sé ina eagarthóir agus ina phríomhaistritheoir ón bhFraincis ar Chaiticiosma na hEaglaise Caitlicí.
D'aistrigh sé go Gaeilge chomh maith léithéidí Rabelais, Montaigne agus Pascal, mar aon le duanaire d'fhilíocht liriciúil na Fraincise.
Bhronn Rialtas na Fraince an Légion d'honneur ar Bhreandán Ó Doibhlin in 2001 as an liosta le háireamh gaiscí a bhí déanta aige go nuige sin, mar a bhí, caidreamh cultúrtha idir an Fhrainc agus Éire a chothú, an bhaint a bhí aige le hathchóiriú Choláiste na nÉireannach i bPáras, léann na Fraincise a chur chun cinn in Ollscoil Mhá Nuad agus clasaicí na Fraincise a aistriú go Gaeilge, mar a luadh anuasana.
I gcomhráiteas ó Uachtarán agus ó Reachtaire Choláiste Phádraig, Má Nuad, dúradh gur cúis mhór bhróin do phobal an choláiste bás Bhreandáin Uí Dhoibhlin.
"Gabhaimid buíochas ó chroí le Dia as a fhinnéacht shagartúil dhílis aiceanta agus as a oidhreacht shaibhir scolártha", arsa siad.